Bunús na beatha

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bunús na beatha

Tá na saghsanna éagsúla beatha ar Domhan tar éis athrú trí éabhlóid ó na bunsaghsanna a bhí ann timpeall 3,000 milliún bliain ó shin, orgánaigh aoncheallacha. Tá próiseas na héabhlóide seo á staidéar trí gheolaíocht, anatamaíocht is bitheolaíocht mhóilíneach. Ní raibh ann sa chéad 2,000 milliún bliain ach miocrorgánaigh, cosúil le baictéiralgaí. Timpeall 1,000 milliún bliain ó shin tháinig orgánaigh le cealla is núicléas iontu ar an bhfód, agus ba thapa a tharla an éabhlóid ina dhiaidh sin. Tháinig orgánaigh chasta ilcheallacha chun tosaigh le linn an 500 milliún bliain dheiridh.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Bunús na beatha". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 99.