Bulgan (Cúige)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Булган аймаг
Bulgan Aimag
Bulgan.png Mn flag bulgan aymag.png
Achar: 48,700
Príomhchathair: Bulgan
Daonra:
- Iomlán (2000)
- Dlús daonra

61,776
1.27/km²
Suíomh oifigiúil
Láthair
Map mn bulgan aimag.png

Cúige (Aimag) de chuid na Mongóile is ea é Bulgan Aimag. Tá an cúige suite i dtuaisceart na tíre. Is é Bulgan an phríomhchathair.

Tíreolaíocht[athraigh | edit source]

Tá an cúige ag críochantacht leis na cúigí Khövsgöl (thuaidh), Arkhangai (thiar theas), Övörkhangai (theas), Töv (thoir theas), agus Selenge (thoir thuaidh). Is limistéar sléibhtiúil é tuaisceart an chúige agus é clúdaithe le foraois a chuirfeadh na hAlpa i do chuimhne. Is iad an Orkhon agus an Selenge na príomhaibhneacha sa chúige.

Aeráid[athraigh | edit source]

  • Meán-ardteocht an tsamhraidh: +33 °C
  • Meán-bhunteocht an gheimhridh: -40 °C
  • Meán-bháisteach: 210mm

Iompar[athraigh | edit source]

Tá aerfort beag, ceann nach bhfuil ach aon rúidbhealach ann agus é féin gan phábháil, suite i mBulgan (UGA/ZMBN). Bíonn na heitleáin ag eitilt go tráthrialta ó Bhulgan go Ulánbátar, Khovd agus Mörön.

Na hAonaid Riaracháin[athraigh | edit source]

Ceantair Bhulgan
Ceantair Bulgan
Ceantar (Sum) Mongóilis Daonra (2005)[1]
Bayan-Agt Баян-Агт 2,823
Bayannuur Баяннуур 1,303
Bugat Бугат 1,799
Bulgan* Булган 11,984
Büregkhangai Бүрэгхангай 2,123
Dashinchilen Дашинчилэн 2,422
Gurvanbulag Гурванбулаг 3,221
Khangal Хангал 4,442
Khishig-Öndör Хишиг-Өндөр 3,057
Khutag-Öndör Хутаг-Өндөр 4,236
Mogod Могод 2,609
Orkhon Орхон 2,941
Rashaant Рашаант 3,206
Saikhan Сайхан 3,685
Selenge Сэлэнгэ 3,057
Teshig Тэшиг 3,520

* - Príomhchathair an aimag

Naisc Sheachtracha[athraigh | edit source]

Tagairtí[athraigh | edit source]

  1. Rural Poverty Reduction Programme Suíomh oifigiúil [1]

Clár IFAD