Buama hidrigine

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Arm teirmeanúicléach a dtugtar an H-bhuama air freisin. Scaoiltear oiread ollmhór fuinnimh núicléach amach nuair a chomhleáitear núicléóin nó núicléis bheaga (mar shampla, núicléis de dheoitéiriaim is núicléis de thritiam, dhá iseatóp hidrigine) le chéile chun núicléis níos mó a chruthú. Athrú maise chuig fuinneamh is bun leis an gcruthú fuinnimh seo. Chun comhleá a chur chun cinn, ní mór na núicléis bheaga, atá luchtaithe go dearfach, a bhrú chomh gar sin dá chéile go sáraítear a gcomhéaradh. Imoibriú comhleáite is bun le teas na Gréine is na réaltaí eile, agus an radaíocht uile a astaítear astu. I mbuama hidrigine bíonn pléascán beag eamhnaithe a chruthaíonn an ardteocht chun pléascán comhleáite a mhadhmadh. Is ollmhór an méid teasa is an fuinneamh pléasctha a dhéanann an buama. An ceann is mó milltí a tástáileadh, áiríodh gurbh ionann is 60 milliún tonna TNT a fhuinneamh pléasctha. An tAontas Sóivéadach a phléasc é sin i 1961 i lár an chogaidh fhuair. Na Stáit Aontaithe is luaithe a thóg is a thástáil buama hidrigine i 1952, bunaithe ar obair theoiriciúil Edward Teller i Los Alamos.