Linaria vulgaris

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Buaflíon)
WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoLinaria vulgaris Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Planda
Cineál an toraidhcapsúl Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtPlantae
OrdLamiales
FinePlantaginaceae
GéineasLinaria
SpeiceasLinaria vulgaris Cuir in eagar ar Wikidata
Mill., 1768

Planda bliantúil nó ilbhliantúil atá dúchasach don leathsféar thuaidh, réigiún na Meánmhara den chuid is mó, is ea Linaria vulgaris. Tugtar buaflíon air,[1] ach tá an t-ainm seo in úsáid ar go leor speiceas eile sa ghéineas Linaria agus i ngéinis ghaolmhara.

Na duilleoga urchomhaireach, ailtéarnach nó bíseach. Meascáin éagsúla dathanna ar na bláthanna, go láidir siogamorfach. An feadán sporach déliopach, 3 mhaothán ar an liopa íochtarach, agus carball ag dúnadh an fheadáin ionas gur gá do phailneoirí na liopaí a oscailt chun teacht ar an neachtar a choinnítear sa spor.[2]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. “Linaria vulgaris” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-01-24.
  2. Hussey, Matt (2011). "Buaflíon". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 96.