Buachaille Èite Mòr

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Buachaille Eite Mór)
WD Bosca Tíreolaíocht FhisiceachBuachaille Èite Mòr
Íomhá
CineálSliabh Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Limistéar riaracháinComhairle na Gàidhealtachd, Scotland, Àird Chatain, Scotland agus Lismore and Appin, Scotland (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 56°38′50″N 4°53′52″W / 56.6473°N 4.8978°W / 56.6473; -4.8978
SliabhraonAm Monadh Cuir in eagar ar Wikidata
Le cuid
Tréithe
Airde os cionn na farraige1,021 m Cuir in eagar ar Wikidata
Starraiceacht thopagrafach533 m Cuir in eagar ar Wikidata

Is sliabh nó droim mór é Buachaille Èite Mòr, atá suite i nGleann Comhann, Comhairle na Gàidhealtachd in Albain.[1] Tá druim fada aige, a shíneann ón oirthuaisceart go dtí an iardheisceart. Tá dhá Bheinn Rothaich air: Stob Derg (1,021m) agus Stob na Bròige (956m). Tá trí mhullach sléibhe eile aige, Stob Coire Altrim (941m), Stob na Doire (1,011m) agus mullach ganainm ar an léarscáil, atá 902m ar airde. Tá cáil ar Stob Dearg i measc dreapadóirí, agus dreapann siad bealaí éagsúla ar an taobh thuaidh den sliabh, mar shampla Crowberry Ridge agus Curved Ridge. Tá an sliabh laisteas den bhóthar an A82 trí Ghleann Comhann agus siar ón mbóthar trí Ghleann Èite. Tá cáil ar a aghaidh agus tá sé le feiceáil i go leor pictiúir den ghleann.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Ainmean-Àite na h-Alba (AÀA) — Gaelic Place-names of Scotland” (en). Ainmean-Àite na h-Alba. Dáta rochtana: 2023-06-19.