Buachaill bó

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí GairmBuachaill bó
Cineál fostaíochta
rainseoir eallaigh
Buachaill bó

Is fear a bhíonn ba á mbuachailleacht aige buachaill bó. Is de bhunús na Spáinne an cineál oibre seo, a d'éirigh coitianta in áiteanna i Meiriceá, theas agus thuaidh. Mar atá an bealach oibre seo os comhair na ndaoine i leabhair, scannáin srl tagann sé as an traidisiún Vaquero a d'fhás i dtuaisceart Mheicsiceo agus a d'éirigh coitianta in iarthar na Stát Aontaithe agus ar chuid de na machairí i gCeanada.

Laoch pobail agus miotas sna Stáit Aontaithe

Thosaigh daoine ag baint úsáide as an téarma cailín bó go déanach san 19ú haois. Fostaíodh Indiaigh i gcomhair na hoibre seo chomh maith le daoine geala, agus chuaigh a lán daoine gorma leis an mbuachailleacht i ndiaidh Chogadh Cathartha na Stát Aontaithe.

Cleachtar an cheird in Haváí freisin.

Bíonn buachaillí páirteach sna rodeos go minic.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]