Bruno Schulz
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
| Bruno Schulz | |
| Plaic cuimhneacháin i dtrí theanga - Úcráinis, Polainnis agus Eabhrais | |
| Dáta breithe | 12 Iúil, 1892 |
| Drohobycz | |
| Dáta báis | 19 Samhain, 1942 |
| Drohobycz | |
| Náisiúntacht | Polannach |
| Gairm | Scríbhneoir, ealaíontóir |
| Seánra | Nua-aoiseachas |
Scríbhneoir agus ealaíontóir Polannach de phór Ghiúdach ab ea é Bruno Schulz. Rugadh in Drohobycz (inniu, Drohobych san Úcráin) é ar an 12 Iúil 1892, agus mharaigh na Naitsithe é sa chathair chéanna ar an 19 Samhain 1942. Ba iad an dá bhailiúchán gearrscéalta úd Sklepy cynamonowe ("Na Siopaí Cainéil") agus Sanatorium pod Klepsydrą ("Tigh an Orláiste, an teach téarnaimh") a thabhaigh a chlú dó, agus a lán teangacha curtha orthu. Is minic a chuirtear i gcomparáid le saothar Franz Kafka iad.