Bruach na Fríthe

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bruach na Frìthe
Bruach frithe.jpg
Airde 958m
Ceantar An t-Eilean Sgitheanach, Comhairle na Gáidhealtachd, Albain
Sliabhraon Cuillin
Comhordanáidí 57°15′ Thuaidh 6°13′ Theas
Cineál Munro

Is sliabh i gComhairle na Gáidhealtachd, Albain í Bruach na Fríthe. Tá sí ar cheann de na príomh-mhullaí ar dhroim an Chuilthinn Dhuibh. Cosúil leis an gcuid eile den raon tá sí comhdhéanta de ghabró, carraig le greim den scoth le haghaidh na sléibhteoireachta. Níl an Bruach le feiceáil san radharc móréilimh ó Sligachan- is minic a bhréagaitnítear an bhinn ar thaobh na láimhe deise, sé sin Sgurr a' Bhasteir íochta di.

Is í seo ceann de na beanna is éasca agus is dócha an ceann is minicí dreaptha de phríomh-bheanna an Chuilthinn Dhuibh, mar ní éilíonn sí aon chumas streachailte. Téann an bealach is simplí in aghaidh na fána via Fionn Coire, tríd an 'Droim Siar ó Thuaidh', a mbíonn beag níos deacra ach a mbíonn tóir air freisin. Trasnaíonn gach bealach fánaí géara agus screathan.

Ceann de na hionad amhairc is fearr é san Chuiltheann is ea mullach Bhruach na Fríthe. Cé nach í an bhinn is airde sa réimse, is í an t-aon ceann le philéar na Suirbhéireachta Ordanáis.

Naisc sheachtracha[athraigh | edit source]