Brosnach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Sráidbhaile in iardheisceart na hÉireann is ea Brosnach. Tá an sráidbhaile suite i dtuaisceart Chiarraí i ngar d'Oileán Chiarraí. Cuid de Shliabh Luachra atá ann. Faoi láthair, tá timpeall is 1200 duine ina gcónaí i mBrosnach. Tá dhá eaglais, dhá scoil, oifig poist agus cúig thigh tábhairne suite sa pharóiste. Tá sé suite gar do chontaetha Chorcaí agus Luimnigh agus do na bailte seo a leanas: Cnoc na gCaiseal agus Oileán Ciarraí i gContae Chiarraí, Mainistir na Féile agus Cnoc Uí Choileáin i gContae Luimnigh, Baile Deasumhan agus Séipéal na Carraige i gContae Chorcaí.

Clár ábhair

[athraigh] Bailte Fearainn

  • Áthán
  • Brosnach Thiar
  • Brosnach Thoir
  • Carraigín
  • Coill an Charraigín
  • Doire
  • An Gleanntán Loiscthe
  • Na Gníomha
  • Innse an Lín
  • Cill Mhainchín Thiar
  • Cill Mhainchín Thoir
  • Cnoc a' Phréacháin
  • Cnoc a' Mhuine
  • Cnoc Breac
  • An Cnoicín Cruinn
  • Cnoc Ognoe
  • An Chnapóg
  • Mín Uí Bhuacháin
  • Tuairín na Bláiche

[athraigh] An Ghaolainn Thraidisúinta i mBrosnach

Bhí cainnteoirí dúthchasacha Gaeiilge fós le cloisint i mBrosnach agus sa cheanntar timpeall uirthi san fhichiú haois: aon trian de mhuintir an pharóiste sa bhliain 1911. Bhí Gaolainn le cloisint ann fiú sna 1930í agus thainig an tOllamh Ó Cuiv ar chainteoirí Gaolainne cóngarach go leor don sráidbhaile ina dhiaidh sin aris, sa mbliain 1949.[1]

[athraigh] Tagairtí

  1. Lámhscríbhinn Ghaeilge Ó Thuaisceart Chíarraí, le Pádraig De Brún, Studia Hibernica, uimhir 4 (1964), lgh 197-208

[athraigh] Naisc

[athraigh] Féach freisin

Do chuid uirlisí
Ainmspásanna

Leaganacha Malartacha
Gníomhartha
Nascleanúint
Bosca uirlisí
I dteangacha eile