Bro-Gerne

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Limistéar stairiúil Bro-Gerne
Suaitheantas Bhro-Gerne
Sráid-bhaile Plonevez-Porzay

Réigiún stairiúil sa Bhriotáin is ea Bro-Gerne (La Cornouaille as Fraincis, Cornugallia as Laidin) agus tugtar anois é ar leath deas Chontae Penn-ar-Bed timpeall príomh-chathair an chontae Kemper chomh maith le stracaí beaga as Contaetha Mor-Bihan agus Aodoù-anArvor.

Tá 218 pobal i mBro-Gerne ina raibh 456,307 daoine ina gcónaí sa bhlian 1999. Tá achar 5,979km² ar an limistéar.

Tagann an t-ainm Fraincise Cornuaille ón bhfocal Briotáinis do Chorn na Breataine mar gur go dtí an chríoch seo a theith sean-Bhreatnaigh ón gCorn ó na Sacsanaigh tar éis titim Impireacht na Róimhe.

Deineadh an chéad tagairt don limistéar idir na blianta 852 agus 857 i réim easpag Anawaten ar dheoise Chorentin Naofa a bunaíodh sa bhlian 495. Ina dhiaidh sin, tugadh Bro-Gerne ar limistéar dheoise Kemper. Aontaíodh an deoise le Diúcacht na Briotáine san 11ú aois.

I ndiaidh Réabhlóid na Fraince, ath-eagraíodh Bro-Gerne mar chuid de Chontae Penn-ar-Bed.

Is anseo is láidre atá cultúr na Briotáine agus is ann freisin atá an ceantar is mó ina labhraítear fós an Bhriotáinis mar ghnáth-theanga.

Tá Ker-Ys, nó Ys, cathair a bhí, de réir finnscéalta na Briotáine, lonnaithe i gCuan Douarnenez, Penn-ar-Bed. Ba é an Rí Gradlon a thóg é dá iníon Dahut.