Briogáid Éireannach na Fraince

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaBriogáid Éireannach na Fraince
lang=ga
Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Cineálfeadhain mhíleata Cuir in eagar ar Wikidata
Idé-eolaíocht pholaitíochtaSeacaibíteachas Cuir in eagar ar Wikidata
Oifigeach, Reisimint an Chláir, timpeall 1767

Briogáid de chuid Arm na Fraince ba ea an Bhriogáid Éireannach. Saighdiúirí ó Éirinn a bhí inti, agus bunaíodh í i Mí na Bealtaine 1690 nuair a cuireadh cúig reisimint Sheacaibíteacha ó Éirinn chun na Fraince mar mhalairt ar choisithe Francacha a cuireadh chun troid a dhéanamh i gcogadh Uilleam Oráisteach in Éirinn.

Bhí an Bhriogáid ina cuid d'Arm na Fraince anuas go dtí an bhliain 1792.

Henry Dillon, 8ú Viscount Dillon (d'éag 1713)
Bratach Reisimint Dillon.
Reisimint an Bhreatnaigh, 1776 go dtí 1791, ó Les uniformes et les drapeaux de l'Armée du Roi, Marseille 1899.
Bratach Reisimint Berwick.
Saighdiúir coise [Bulkeley's] sa bhliain 1720, ó Les uniformes et les drapeaux de l'Armée du Roi, Marseille 1899.
Saighdiúir coise [Bulkeley's] sa bhliain 1734, ó Les uniformes et les drapeaux de l'Armée du Roi, Marseille 1899.
Dillon, 1690
Reisimint Berwick 1698
Drapeau d'Adieu (Bratach Cheiliúrtha) ó le Comte de Provence, deartháir Louis XVI, sa bhliain 1792
Reilig Montmartre Páras - Franck-Théobald, chevalier de Dillon (1764-1837) officier au régiment de Lauzun-Hussards, puis au régiment de Dillon (1789), maréchal de camp en 1815 (Franck-Théobald, chevalier de Dillon (1764-1837), oifigeach i Reisimint Lauzun-Hussards, ansin i Reisimint Dillon (1789), Marascal Machaire in 1815)

Bunú[cuir in eagar | athraigh foinse]

Timpeall 5,000 fear a bhí sna cúig reisimint Sheacaibíteacha, agus ainmníodh gach reisimint as a coirnéal féin:

  • Saorbhreathach (Justin) Mac Cárthaigh (Tiarna Mhoin Caisil),
  • an Coirnéal de Buitléir, an Coirnéal Feilding,
  • Dónall Ó Briain (Bíocunta an Chláir) agus
  • an Coirnéal Dillon.

Bhí a lán saighdiúirí glasa ann, agus ba ghearr an mhoill ar na Francaigh reisimintí Feilding agus de Buitléir a dhíscaoileadh agus a gcuid fear a chur isteach sna trí reisimint eile nó iad a chur abhaile. Rinneadh an Bhriogáid de reisimint Mhoin Caisil (Mountcashel's), de reisimint Uí Bhriain (Dragúin an Chláir) agus de reisimint Dillon, agus throid siad ar son na Fraince ar feadh an chuid eile de Chogadh na Naoi mBliana (1689-97).

De réir choinníollacha Chonradh Luimnigh sa bhliain 1691, conradh a chríochnaigh an cogadh idir Rí Séamas II agus Uilleam III Shasana, cuireadh 12,000 fear chun na Fraince mar dhream ar leith. Rinneadh arm Shéamais féin díobh, cé gurb í an Fhrainc a d'íocadh iad. Tar éis Chonradh Ryswick (1698) rinneadh reisimint an Tiarna Dorrington (a dtugtaí Reisimint Roth uirthi ina dhiaidh sin) den chéad chathlán agus den dara cathlán de Ghardaí Ríoga Cos Shéamais II. Ina gcuid d'Arm na Breataine a bhí siad sin roimhe sin.[1].[2]

Seirbhís[cuir in eagar | athraigh foinse]

Nuair a rinneadh Chonradh Ryswick sa bhliain 1697, díscaoileadh arm Rí Séamas, ach rinneadh reisimintí nua de mhórán de na hoifigigh agus de na fir, agus cuireadh leis an mBriogáid iad. I ndáiríre ba iad arm na hÉireann ar deoraíocht iad, agus rún acu a dtír féin a athghabháil.[3]

Bhí reisimintí Éireannacha páirteach i mbeagnach gach cath mór a thug na Francaigh idir na blianta 1690 agus 1789, go háirithe Cath Steenkerque (Steenkirk) (1692), Cath Neerwinden (1693), Cath Marsaglia (1693), Cath Blenheim (1704), Cath Malplaquet (1709), Cath Fontenoy (1745), Cath Lauffeld (1747) agus Cath Rossbach (1757).

Bhí baint acu riamh leis an Seacabaíteachas agus bhí siad páirteach in Éirí Amach na Seacabaíteach sa bhliain 1715 agus in Éirí Amach na bliana 1745. Maidir leis siúd, cuireadh díormaí chun na hAlban ó gach reisimint den Bhriogáid, in éineacht le scuadrún marcshlua. Bhí siad i láthair ag Cath na hEaglaise Brice (1746) agus ag Cath Chúil Lodair (1746), mar a raibh siad ag troid gualainn ar ghualainn le reisimint na nAlbanach Ríoga, a tógadh sa bhliain 1745. Ligeadh do na hÉireannaigh géilleadh go foirmiúil i ndiaidh Chath Chúil Lodair mar shaighdiúirí de chuid na Fraince, agus cuireadh cóir chothrom orthu.[4]

Daingníodh comharbas ríora Hanover i Sasana agus in Éirinn de bharr chomhcheangal Angla-Fhrancach na bliana 1716.[5] Dá ainneoin seo lean an Fhrainc uirthi ag glacadh leis an bPrionsa Séamas Éadbhard Stíobhart (Séamas III) mar an rí reachtúil, agus dá bhrí sin lean na reisimintí Seacabaíteacha orthu ag súil go dtiocfadh rath ar a gcúis féin. I Mí Eanáir 1766, áfach, ghlac an Pápa le Seoirse III de ríora Hanover mar rí reachtúil na Breataine agus na hÉireann agus cheil aon aitheantas ar an bPrionsa Séarlas Éadbhard Stíobhart, mac Shéamais.[6]

Rinne reisimintí Éireannacha seirbhís i gCogadh an Chomharbais Ostaraigh, i gCogadh na Seacht mBliana san India agus san Eoraip, agus i gCogadh an Neamhspleáchais i Meiriceá. Faoi dhaichidí an ochtú haois déag bhí laghdú suntasach tagtha ar an líon Éireannach sna reisimintí. Bhíodh idir Shasanaigh agus Albannaigh le fáil sa Bhriogáid, cé go mbíodh a líon ag méadú no ag laghdú ó bhliain go bliain. Bunaíodh an séú reisimint, reisimint Lally, i rith Chogadh an Chomharbais Ostaraigh, agus í déanta sa chéad dul síos de dhíormaí ó na reisimintí eile.[7] Bhí líon cathláin de 865 fear i ngach reisimint agus bhí 240 fear i reisimint mharcra Fitzjames. Bhí an-tábhacht leis an mBriogáid ag Fontenoy, áit ar ghabh sí dhá bhratach de chuid Ghardaí Coldstream agus cúig ghunna dhéag mhóra, cé gur maraíodh 500 fear.[8] Maraíodh an líon céanna ag Lauffeld[9] fad is a bhí na hÉireannaigh ag ruaigeadh na mBriotanach den chathair.

Éide agus bratacha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chaith an Bhriogáid cótaí dearga ar feadh an ochtú haois déag le fásálacha difriúla de réir na reisiminte. Sa bhliain 1757 bhí fásálacha uaine ag Reisimint Bulkely, cinn bhuí ag reisimint an Chláir, cinn dhubha ag Reisimint Dillon agus cinn dhúghorma le bréadaireacht bhán ag Reisimint Roth. Sa bhliain 1791, nuair a bhí an Bhriogáid ar shéala a ndíscaoilte, d'fhág na rialacha sealadacha fásálacha dubha ar éide na gceithre reisimint agus gan ach miondifríochtaí eatarthu ar shlite eile.[10]

An Ghaeilge sa Bhriogáid[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is dócha go raibh a lán cainteoirí Gaeilge sa Bhriogáid ach a líon ag méadú nó ag laghdú de réir an scéil. Bhí fir ó thíortha eile le fáil sa Bhriogáid, agus ní dócha go raibh Gaeilge ag gach earcach Éireannach. Áitíodh nach raibh Gaeilge ag formhór na Briogáide le linn Fontenoy.[11] Os a choinne sin, dealraíonn sé gurbh as Cúige Mumhan do chuid mhór de na hearcaigh agus go mbeadh tosach ag an nGaeilge ar pé Béarla a bhí acu.[12] Deirtear gur i nGaeilge a bhíodh na hordaithe agus na focail faire.

Bhí suim ag roinnt d'oifigigh na Briogáide sa teanga agus fonn orthu í a shaothrú. Orthu sin bhí an Cunta Anraí Ó Domhnaill, saighdiúir ó Chontae Mhaigh Eo a bhí ina ghinearál in Arm na hOstaire,[13] agus an Cunta Dónall Ó Conaill (deartháir le hEibhlín Dubh Ní Chonaill) ó Chiarraí.[14] De réir na rialacha a bhain leis an mBriogáid, b'éigean gurbh as Éirinn do leath na n-oifigeach ar a laghad, agus gur de shliocht Éireannach de chuid na Fraince an fuílleach.[15]

Na reisimintí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Reisimint an Bhreatnaigh (Walsh's), 1662-1791[cuir in eagar | athraigh foinse]

Thóg Séarlas II sa bhliain 1662 í mar Reisimint Ríoga Éireannach na nGardaí Cos agus tharraing sí uirthi féin ainmneacha a lán coirnéal as éadan a chéile: Reisimint Dorrington, Reisimint Rothe, Reisimint Ros Comáin agus Reisimint an Bhreatnaigh. Rinne sí seirbhís gan bhriseadh beagnach anuas go dtí an bhliain 1791. Bhí sí páirteach i gCogadh na Naoi mBliana (1688-1697), i gCogadh Chomharbas na Spáinne (1701-14), i gcogadh leis an Spáinn (1719-20), i gCogadh Chomharbas na Polainne (1733-5), i gCogadh Chomharbas na hOstaire (1740-8) agus i gCogadh na Seacht mBliana (1756-63). Tugadh Reisimint an Bhreatnaigh uirthi sa bhliain 1776. I rith Chogadh Réabhlóideach Mheiriceá (1775-83) cuireadh díorma chun na nIndiacha Thiar, áit a ndearna siad seirbhís le díorma ó Reisimint Dillon, agus bhí siad páirteach i léigear mírathúil Savannah in Georgia agus i bhforghabháil oileán Grenada. Rinne díorma eile seirbhís ar bord Bonhomme Richard, long Mheiriceánach a bhí faoi cheannas an Chaptaein John Paul Jones.[16]

Sa bhliain 1791, le linn Réabhlóid na Fraince, tugadh le 92e Régiment d'Infanterie de Ligne ar an reisimint, agus rinne sí seirbhís sna cogaí Réabhlóideacha agus i gcogaí Napoléon. Idir na blianta 1794 agus 1798 bhí leagan den reisimint ag déanamh seirbhíse faoi bhratach na Breataine agus roinnt oifigeach ann a bhíodh i sean-Reisimint an Bhreatnaigh.[17]

Caomhnaíonn an 92e Régiment d'Infanterie de Ligne atá anois ann iarsmaí de chuid Reisimint an Bhreatnaigh i gClermont-Ferrand.[18]

Reisimint Bulkeley, 1683-1775[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 1684 rinneadh an reisimint seo as roinnt complachtaí neamhspleácha a bhí ag déanamh seirbhíse roimhe sin i dTangiers. Tugadh a lán ainmneacha uirthi: Reisimint de Buitléir, Reisimint Mhic Chárthaigh, Reisimint Lee agus, faoi dheireadh, Reisimint Bulkely. Bhí sí páirteach i gCogadh na Naoi mBliana (1688-97), i gCogadh Chomharbas na Spáinne (1701-14), i gCogadh Chomharbas na Polainne (1733-5), i gCogadh Chomharbas na hOstaire (1740-8) agus i gCogadh na Seacht mBliana (1756-63). Sa bhliain 1775 rinneadh cuid de Reisimint Dillon í.[19]

Reisimint an Chláir (Clare's), 1689-1775[cuir in eagar | athraigh foinse]

Thóg Dónall Ó Briain, tríú Bíocunta an Chláir, an reisimint sa bhliain 1689, ach nuair a bhain sí amach an Fhrainc b'éigean í a dhaingniú le 300 seansaighdiúir Éireannach ó Reisimint Ghearmánach Greider. Bhí sí páirteach i gCogadh na Naoi mBliana (1688-97), i gCogadh Chomharbas na Spáinne (1701-14), i gCogadh Chomharbas na Polainne (1733-5), i gCogadh Chomharbas na hOstaire (1740-8) agus i gCogadh na Seacht mBlianta (1756-63). Sa bhliain 1775 rinneadh cuid de Reisimint Berwick í.[20]


Reisimint Dillon, 1690-1791[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cuireadh Reisimint Dillon (an dara leagan di) anonn chun Séamas II sa Fhrainc sa bhliain 1690, agus baineadh feidhm mhór aisti ina lán cogaí. Bhí sí páirteach i gCogadh na Naoi mBliana (1688-97), i gCogadh Chomharbas na Spáinne (1701-14), i gCogadh Chomharbas na hOstaire (1740-8), i gCogadh na Seacht mBliana (1756-63) agus i gCogadh Réabhlóideach Mheiriceá (1775-83).[21]

Nuair a tháinig an Réabhlóid Fhrancach scaipeadh na cathláin agus tugadh an 87e Régiment d'Infanterie ar an reisimint. Thóg an Coirnéal Anraí Dillon dhá reisimint nua i ndiaidh a chéile a raibh "Dillon" orthu agus a rinne seirbhís faoi bhratach na Breataine. Scoireadh an dara ceann sa bhliain 1798. Ach rinne muintir Dillon iarracht eile ar an reisimint a choinneáil beo. Sa bhliain 1795 thóg an Cunta Edouard Dillon, sean-oifigeach Francach, Reisimint Dillon arís i dTuaisceart na hIodáile. Ní raibh ach beirt oifigeach ó Éirinn inti agus tháinig na fir as gach cearn. Rinne sí seirbhís mhaith ar son na Breataine agus scoireadh í sa bhliain 1814.[22]


Reisimint Berwick, 1698-1791[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tógadh í i ndiaidh Shíocháin Ryswick (1697) agus bhí sí páirteach i gCogadh Chomharbas na Spáinne (1701-14), i gCogadh Chomharbas na Polainne (1733-5), i gCogadh Chomharbas na hOstaire (1740-8), i gCogadh na Seacht mBliana (1756-63) agus i gCogadh Réabhlóid Mheiriceá. Ar éigean ba reisimint Éireannach í ar chor ar bith nuair a tháinig an Réabhlóid sa Fhrainc, agus rinneadh an 88e Régiment de Ligne di.[23]

Reisimint Ghalmhaí (Galmoy's), 1698-1715[cuir in eagar | athraigh foinse]

Níorbh fhada an tseirbhís a rinne an reisimint seo ach ba sheirbhís den scoth í. Bhí sí páirteach i gCogadh Chomharbas na Spáinne (1701-14 agus scoireadh í i ndeireadh an chogaidh toisc laghdú a bheith á dhéanamh ar an Arm.[24]

Reisimint Fitzjames, 1698-1762[cuir in eagar | athraigh foinse]

Reisimint mharcra ba ea í seo agus í déanta ar dtús de dhá reisimint mharcra eile. Thosaigh sé mar Reisimint Sheldon. Rinne sí scoth seirbhíse, agus díorma den reisimint seo a chosain an Prionsa Séarlas Éadbhard ag Cúil Lodair. Ba bheag nár scriosadh í ag Fontenoy agus i gCogadh na Seacht mBliana agus scoireadh í sa bhliain 1762.[25]

Reisimint Lally, 1744-66[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba í seo an reisimint dheireanach a tógadh san ochtú haois déag i gcomhair sheirbhís na Fraince. Gearóid Lally ó Thuaim, seansaighdiúir a rinne seirbhís mhór sa Fhrainc, a thóg í. Bhí an reisimint ag Fontenoy i gCogadh Chomharbas na hOstaire agus rinne seirbhís ag Pondicherry san India i rith Chogadh na Seacht mBliana (1756-63). Bhí an reisimint chun tosaigh ag cosaint Pondicherry, ach rug arm an Ridire Eyre Coote bua ar na Francaigh ag Wandiwash. D'fhill fuílleach na reisiminte ar an bhFrainc agus scoireadh é, ach cuireadh Lally féin chun báis sa bhliain 1766 mar cheap milleáin. D'éirigh lena mhac, an Cunta agus an Marcas de Lally Tolendal, an smál a bhaint de chlú a athar sa bhliain 1778.[26]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Childs 1980, lgh 1-2.
  2. D'Alton MDCCLXL, lgh 9-11. Lena chois sin: Childs 1980, lch xiii.
  3. Culligan agus Cherici 1999.
  4. Prebble, John. Culloden, Penguin 1978
  5. Ó Ciardha 2004, lgh 182.
  6. Ó Ciardha 2004, lch 365.
  7. Skrine 1906, lch 373
  8. O'Callaghan 1870, lch 359
  9. Skrine 1906, lch 374
  10. Lilane et Fred Funcken, L'Uniforme et les Armes des Soldats de La Guerre en Dentelle ISBN 2-203-14315-0
  11. Ó hAnnracháin, Eoghan."Casualties in the Ranks of the Clare Regiment at Fontenoy", Journal of the Cork Historical and Archaeological Society, Number 99, 1994.
  12. Tugtar léargas ar staid na teanga i gCúige Mumhan san 18ú haois in Fitzgerald, Garret: ‘Estimates for baronies of minimal level of Irish-speaking amongst successive decennial cohorts, 1771-1781 to 1861-1871,’ Volume 84, Proceedings of the Royal Irish Academy. Féach freisin de Brún 2009 chun léargas a fháil ar staid na teanga i limistéar na hearcaíochta i dtús an 19ú haois féin: De Brún, Pádraig. Scriptural Instruction in the Vernacular: The Irish Society and its teachers 1818-1827, Dublin Institute for Advanced Studies, 2009.
  13. Féach scéal ar aguisín leis an tríú eagrán d'Annála Ríochta Éireann, Seán Ó Donnabháin (eag.), Baile Átha Cliath, De Búrca, 1998. (An chéad eagrán 1856.) Dhiúltaigh an Cunta cuidiú le Cathal óg Ó Domhnaill, nia leis, nó go labhródh Cathal i nGaeilge leis. Bhí an Cunta tar éis a rá le hathair Chathail, Mánas, oiliúint mhaith Ghaeilge a thabhairt d'aon mac dá chuid ar mhian leis a chur chun na hOstaire, ó bhí cúnamh ag teastáil uaidh chun a chlann féin a thógáil le Gaeilge.
  14. Féach O'Connell, Morgan John, Mrs, 1892.
  15. Moulliard, Lucien, The French Army of Louis XIV, Nafziger Collection, 2004, ISBN 1-58545-122-3, lch 64. G.F. Nafziger a d'aistrigh ó eagrán Fraincise na bliana 1882.
  16. Murphy 2007, lgh 13-14.
  17. Murphy 2007, lch 14.
  18. Murphy 2007, lch 14.
  19. Murphy 2007, lgh 15-16.
  20. Murphy 2007, lgh 18-19.
  21. Murphy 2007, lgh 20-21.
  22. Murphy 2007, lgh 21-22.
  23. Murphy 2007, lgh 23-24.
  24. Murphy 2007, lgh 25-26.
  25. Murphy 2007, lgh 27-28.
  26. Murphy 2007, lgh 28-29.

Leabhair thagartha[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Childs, John. The Army, James II, and the Glorious Revolution, Manchester, 1980, ISBN 0-7190-0688-0
  • Culligan, Matthew J.; Cherici, Peter, The Wandering Irish in Europe: Their Influence from the Dark Ages to Modern Times, Clearfield, 1999, ISBN 0-8063-4835-6
  • D'Alton, John. Illustrations, historical and genealogical, of King James's Irish Army list 1689, Volume 2, London, MDCCLXL, lgh 9-11.
  • Murphy, David. The Irish Brigades, 1865-2006: a gazeteer of Irish military service, past and present, Four Courts Press 2007. ISBN 978-1-84682-080-9
  • O'Callaghan, John Cornelius. History of the Irish Brigades in the Service of France, London, 1870
  • Ó Ciardha, Éamonn. Ireland and the Jacobite Cause, 1685-1766, Four Courts, Dublin 2004. ISBN 1-85182-805-2
  • Skrine, Francis Henry.Fontenoy and Great Britain's Share in the War of the Austrian Succession 1741-48. London, Edinburgh, 1906

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]