Brian Seosamh Ó Luineacháin
| Brian Ó Luineacháin | |
|
|
|
| In oifig 7 Bealtaine 2008 - 9 Márta 2011 |
|
| Réamhtheachtaí: | Brian Ó Comhain |
| Comharba: | Micheál Ó Nuanáin |
|
Aire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí
|
|
| In oifig 14 Meitheamh 2007 - 7 Bealtaine 2008 |
|
| Réamhtheachtaí: | Mícheál Mac Dubhghaill |
| Comharba: | Diarmuid Ó hEachthairn |
|
|
|
| Dáta breithe | 21 Bealtaine 1959 |
| Baile Átha Cliath | |
| Dáta báis | 10 Meitheamh 2011 |
| Baile Átha Cliath | |
| Páirtí | Fianna Fáil |
Ba pholaiteoir Éireannach agus Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil é Brian Seosamh Ó Luineacháin (Béarla: Brian Lenihan ) (21 Bealtaine, 1959 — 10 Meitheamh, 2011).[1].
Bhí sé ina Theachta Dála ó 1996 nuair a bhuaigh sé fothoghchán i nDáilcheantar Bhaile Átha Cliath Thiar. Atoghadh é ag gach olltoghchán ina dhiaidh sin.
Ceapadh é mar Aire Leanaí sa bhliain 2002. Aireacht shóisear ab ea an Aireacht Leanaí ag an am sin ach bhí cead aige dul go dtí cruinnithe an chaibinéid.
Tar éis olltogchán na bliana 2007 cheap an Taoiseach, Bertie Ahern, é mar Aire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí.
Tháinig Brian Ó Comhain i gcomharbacht ar Ahern sa bhliain 2008 agus cheap sé Ó Luineacháin mar Aire Airgeadais. Ba é an tAire Airgeadais ó 2008 go dtí 2011 agus bhí air déileáil leis na géarchéimeanna airgeadais agus baincéarachta a bhuail Éire ag an am sin. Tar éis dhá bhliain ag dul i ngleic leis na fadhbanna bhí air glacadh le scéim tarrthála ón gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta agus ón Aontas Eorpach ag deireadh na bliana 2011.
Tar éis d'Fhianna Fáil a bheith buailte go dona in Olltoghchán 2011, ba é an t-aon Teachta Dála de chuid an pháirtí sin a bhuaigh suíochán Dála i mBaile Átha Cliath. Ba mhac le Brian Ó Luineacháin é agus toghadh é chun na Dála an chéad uair i 1996 chun suíochán a athar a líonadh tar éis dó siúd bás a fháil de thinneas. Sceith TV3 an scéal go raibh ailse air um Nollaig 2009. Cailleadh é de thairbhe ailse an phaincréis ar an 10 Meitheamh 2011.
Phós sé Patricia Ryan sa bhliain 1997 agus bhí beirt clainne acu (mac agus iníon). Ba chainteoir Béarla agus Gaeilge é.
[athraigh] Tagairtí
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.