Brendan Gleeson
| Brendan Gleeson | |
|---|---|
| Breith | 29 Márta, 1955 |
| Baile Átha Cliath | |
| Náisiúntacht | Éireannach |
| Gairm | Aisteoir |
| Gníomhach | 1990 - anois |
Is aisteoir é Brendan Gleeson ó Bhaile Átha Cliath, Poblacht na hÉireann. Rugadh é ar 29 Márta, 1955. Tá Gleeson ina chónaí i Mullach Íde, i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath.
A Shaol[athraigh]
Bhain Gleeson céim amach ó Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath. Bhí sé ag obair mar mhúinteoir go dtí go raibh sé 34, nuair a chuaigh sé isteach san aisteoireacht. Tá sé pósta le ceathrar páistí - Domhnall, Fergus, Brian agus Rory. Is seinnteoir veidhlín tréitheach é Gleeson chomh maith, rud atá le feiceáil sa scannán Michael Collins. Tá líofacht na Gaeilge aige agus bhí sé páirteach i roinnt gearrscannán as Gaeilge agus cláir as Gaeilge ar an teilifís.
Scannáin[athraigh]
Bhí Gleeson sna scannáin Into the West, Gangs of New York, Harry Potter and the Goblet of Fire agus beagnach 30 ceann eile. I measc na ngearrscannán ina raibh sé, bhí Cáca Milis.
|
|
Naisc Sheachtracha[athraigh]
|
|
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |