Bremerhaven

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilBremerhaven

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 53°33′N 8°35′E / 53.55°N 8.58°E / 53.55; 8.58
Stát ceannasachan Ghearmáin
Stát sa GhearmáinBremen Cuir in eagar ar Wikidata
Exclave deBremen Cuir in eagar ar Wikidata
Iamhchríoch laistigh deAn tSacsain Íochtarach Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán115,468 (2022) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús1,232.84 hab./km²
Tíreolaíocht
Cuid deBremen/Oldenburg Metropolitan Region (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Achar dromchla93.66 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Suite i nó in aice le limistéar uisceWeser, Geeste agus Lune Cuir in eagar ar Wikidata
Airde2 m Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Cruthú1 Bealtaine 1827
Eagraíocht pholaitiúil
• Ceannaire an rialtaisMelf Grantz (en) Aistrigh (2011–) Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Cód poist27501–27580 agus 2850 Cuir in eagar ar Wikidata
Glaochód0471 Cuir in eagar ar Wikidata
Cód NUTSDE502 Cuir in eagar ar Wikidata
German municipality key (en) Aistrigh04012000 Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suíomh gréasáinbremerhaven.de Cuir in eagar ar Wikidata

Is cathair í Bremerhaven (Gearmáinis Íochtarach: Bremerhoben, a chiallaíonn Cuan Bhremen) atá suite i dTuaisceart na Gearmáine. Cé go bhfuil sí suite i lár na Sacsaine Íochtaraí, is cuid í de Chathair Shaor Hainseatach Bremen, stát cónaidhme neámhspleach de chuid na Gearmáine. Tá sí suite sa chuid thuaidh den Triantán Eilbe-Weser (Gearmáinis: Elbe-Weser-Dreieck), nó an Triantán Fliuch, mar a chuirtear air go háitiúil.[1] Is réigiún é an Triantán Eilbe-Weser a luíonn idir Bhremen (nó Abhainn an Weser), Hamburg (nó an Eilbe) agus Cuxhaven, béal na Mara Thuaidh.

Stair na Cathrach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Luathstair Bhremerhaven[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bunaíodh an chathair Bremerhaven faoi sheilbh an stáit Bremen sa bhliain 1827, 62 bliain roimh aontú na Gearmáine sa bhliain 1889. Is é a bhí ann sa réigiún ag an am sin ná bailte bheaga agus áiteanna lonnaithe, iad uilig suite ar oileáin bheaga san inbhear seascainn. Ní fios go beacht cé chomh hársa is a bhí na háiteanna lonnaithe seo ag an phointe sin, ach is féidir meastacháin a dhéanamh de réir na ndátaí ar a luadh iad den chéad uair ar léarscáileanna nó i gcáipéisí oifigiúla, mar atá:

  • Lehe, a luadh den chéad uair sa bhliain 1275
  • Geestendorf, 1139[2]
  • Wulsdorf, 1139

An Dara Cogadh Domhanda[cuir in eagar | athraigh foinse]

An chríoch faoi fhorghabháil na Meiriceánach, mar a shocraíodh é ar an 8 Meitheamh 1947

As siocair Bremerhaven a bheith ina bhunáit don Kriegsmarine (cabhlach na Naitsithe) i gcaitheamh an Dara Cogadh Domhanda, ba sprioc é riamh d'fheachtas buamála na gComhghuallaithe. Fágadh an chathair ina smidiríní ar fad, seachas cuid áirithe den chalafort a tháinig slán as na heachtraí ar fad, rud a shocraigh na bumadóirí Briotanacha is Meiriceánacha d'aon turas, ionas go mbeadh siad in ann a n-úsáid féin a bhaint aisti in eireaball an chogaidh.[3] Maraíodh cuid mhaith de dhaonra Bhremerhaven sa tréimhse chéanna, agus fágadh na mílte duine gan dídean.

I ndiaidh an chogaidh, nuair a rinneadh an Ghearmáin a roinnt do lucht an ionraidh, bhí Bremerhaven, maraon le Bremen, suite i lár chríoch na mBriotanach. Ní hamhlaidh a d'fhan cúrsaí, áfach, agus fuair an dá chathair iad féin faoi fhorghabháil na Meiriceánach sul' i bhfad. Ba é suíomh áisiúil Bhremerhaven a ba chúis leis an chinneadh seo, go háirithe mar go raibh mórchuid den chríoch a bhí faoi fhorghabháil na Meiriceánach suite i bhfad ó dheas, agus go raibh calafort ag teastáil uathu.

An Imirce agus Bremerhaven[cuir in eagar | athraigh foinse]

1929 - An chéad turas amach ó Bhremerhaven de chuid an TS Bremen, a shroich Nua-Eabhrac taobh istigh de cheithre lá, 17 uair a' chloig agus 42 nóiméad.

Bhí ról ar leith ag Bremerhaven i stair na himirce san Eoraip. Sna blianta idir 1830 agus 1974, d’fhág 7.2 milliún duine[4] calafort Bhremerhaven ar bhord loinge chun saol úr a chruthú dóibh féin sna Stáit Aontaithe, nó níos faide i gcéin. I measc siúd a ndeachaigh amach ó Bhremerhaven, bhí 3.7 milliún Gearmánach,[4] 3.4 duine ón Eoraip Thoir is ón Eoraip Thoir-theas[4] agus céad míle Lochlannach.[4] Ba é Bremerhaven an calafort imirce ba mhó úsáidte de chuid na Gearmáine mar sin, de bhrí nach ndeachaigh ach cúig mhilliún[4] duine amach ó Chalafort Hamburg sa tréimhse chéanna. Ba rogha choitianta é Calafort Bhremerhaven i measc na nEorpach i gcoitinne mar gheall ar an dhea-cháil a bhain sé amach trí fhianaise starógach, agus de thoradh an ráta básmhaireachta i measc ná bpaisnéirí bheith ní ba lugha ná an ráta a bhí ar longa imirce na Breataine.[4]

Tionchar an Dá Chogaidh Dhomhanda[cuir in eagar | athraigh foinse]

Shroich rátaí imirce na hEorpa na buaicphointí arís i gcaitheamh ré Phoblacht Weimar (1919-1933),[4] agus sna blianta i ndiaidh An Dara Cogadh Domhanda. Ba é an Spealadh Mór a ba chúis leis an chuid ba mhó den imirce i bPoblacht Weimar, ach ba daoine easáitithe iad mórchuid den dream a d’fhág Cuan Bhremerhaven tar éis an Dara Cogadh Domhanda. Bhí cúiseanna éagsúla le stoiteachas na ndaoine sin, is ina measc bhí daoine a tháinig slán ó sluachampaí géibhinn na hEorpa, dídeanaithe agus iaroibrithe éigeantais.

Iarsmalann na hImirce, Bremerhaven[cuir in eagar | athraigh foinse]

Das Deutsche Auswandererhaus

Osclaíodh Das Deutsche Auswandererhaus, nó Iarsmalann na hImirce, sa bhliain 2005 i ndiaidh do bhaill na mbrúghrúpaí Fördererverein Deutsches Auswanderermuseum (“Cumann Forbartha Iarsmalann na hImirce”), a bunaíodh sa bhliain 1985, agus Initiativkreis Erlebniswelt Auswanderung, a bunaíodh sa bhliain 1998, 20 bliain a chaitheamh i mbun stocaireachta ar a son.[4] Tá an príomhghrúpa, Fördererverein Deutsches Auswanderermuseum, athainmnithe anois in Cairde Iarsmalann na hImirce[5] agus nuair a osclaíodh an músaem faoi dheireadh, bhronn sé a bhailiúchán fairsing leabhar air, ina bhfuil breis agus dhá mhíle imleabhar a phléann le stair na himirce i mBremerhaven. Tá na leabhair seo, chomh maith le réimse leathan grianghraf agus earraí stairiúla eile, ar fáil anois don phobal le haghaigh taighde teaghlaigh agus eile. Tá an Iarsmalann suite ar shuíomh an Chalafoirt Nua (Der Neue Hafen), a osclaíodh sa bhliain 1852. D'fhág nach mór 1.2 milliún paisinéir an Eoraip tríd an chalafort sin sna blianta idir 1852 is 1890.[4]

Bhuaigh an Iarsmalann an gradam "Músaem Eorpach na Bliana", atá urraithe ag banríon na Beilge, sa bhliain 2007.[6][4]

Daoine[cuir in eagar | athraigh foinse]

Seo liosta daoine a rugadh i mBremerhaven, is a chuir an chathair isteach i mbéal an phobail de bharr a ratha.

  • An Ginearál Carl Rodenburg (1894-1992), bronntaí na Croise Iarainn agus an té a bhí i bhfeighil an 76ú Chathláin Choisithe i gCath Stalingrad.
  • Karl Hermann Otto Heider (1896-1960), Méara Bhremen.
  • Adolf Friedrich Johann Butenandt (1903-1995), a bhuaigh Duais Nobel na Ceimice sa bhliain 1939.
  • Lale Andersen (1905-1972), ceoltóir a bhain clú agus cáil amach den chéad uair tar éis di leagan den amhrán "Lilli Marleen" a thaifeadadh sa bhliain 1939. Bhí an t-amhrán mar aintiún go idirnáisiúnta i measc shaighdiúirí na Comhghuallithe agus na Naitsithe araon le linn an Dara Chogaidh Dhomhanda.
  • Eberhard Jäckel (1929-), staraí.
  • Egon Coordes (1944-), imreoir agus cóitseálaí sacair sa Bhundesliga.
  • Uwe Karl Beckemeyer (1949-), polaiteoir SPD.
  • Eike Bram (1965-), imreoir liathróid láimhe a d'imir ar son na Gearmáine i gCluichí Oilimpeacha na bliana 1992.
  • D. D. Lewis (1979-), imreoir peile Mheiriceánaigh a imríonn ar fhoireann Seattle Seahawks.

Saol cultúrtha na cathrach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Músaem na Teicneolaíochta

Iarsmalanna[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá iliomad iarsmalann i mBremerhaven, chomh maith le Erlebniswelten, nó domhain na n-eispéireas, is é sin le rá, iarsmalanna idirghníomacha. I measc a bhfuil ar fáil do chuairteoirí, tá:

  • Músaem na 50í
  • Iarsmalann na hImirce
  • Technikmuseum U-Boot „Wilhelm Bauer”, nó Músaem na Teicneolaíochta, atá suite ar bhord U-Boot
  • Iarsmalann Mhuirí na Gearmáine
  • Cathair Mhionsamhlach Bhremerhaven
  • Ionad Eolaíochta Phänomenta
  • Áras Ealaíne Bhremerhaven

Spórt agus Damhsa[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá réimse leathan spórt á chleachtadh i mBremerhaven agus rath nach beag tuillte ag cuid de na foirne aitiúla, sna comórtais damhsa ach go háirithe.

Is éard is brí leis an ghiorrúchán e. V. atá le feiceáil anseo thíos ná eingetragener Verein, is é sin cumann nó foireann atá cláraithe go hoifigiúil leis an stát agus nach í buntáiste airgid a phríomhchuspóir.

  • Babhláil Deich bPionna: dhá fhoireann i sraith stáit Bhremen
  • Badmantan: SFL Bremerhaven
  • Cispheil: Eisbären Bremerhaven ("Béir Bhána Bhremerhaven"), Roinn a haon sa Beko BBL ("Sraith Feidearálach Cisphéile na Gearmáine")
  • Damhsa: TSG Bremerhaven[7], cumann rathúil a cuireadh ar bun sa bhliain 1971
  • Damhsa Gaelach: Leher TS[8]
  • Damhsa Oighir: Eis- und Rollsport-Club Bremerhaven e. V., Leher Turnerschaft von 1898 e. V.
  • Faoileoireacht Chrochta: Luftfahrtverein Unterweser e. V., nó mar is fearr aithne air LVU Bremerhaven[9]
  • Foghlaeireacht: GTV Bremerhaven[10]
  • Haca Oighir: REV Bremerhaven nó na Fishtown Penguins, Roinn a Dó i Sraith Feidearálach na Gearmáine
  • Haca Lannrollála: ERC Bremerhaven Whales
  • Leadóg: Bremerhavener Tennisverein von 1905
  • Liathróid Láimhe:
  • HSG Geestemünde - Sraith Stáit Bhremen[11]
  • Leher TS - Sraith Stáit Bhremen[12]
  • Peil Mheiriceánach: Die Bremerhaven Seahawks (Sraith Aitiúil Thuaisceart na Gearmáine)
  • Rámhaíocht: Bremerhavener Ruderverein von 1889
  • Rásaíocht Báid Dragain: Glacann Kanu-Verein Unterweser e.V. páirt sa Chomórtas Domhanda Rásaíocht Báid Dragain, maraon le comórtaisí na Gearmáine[13]
  • Rásaíocht Cuitéar: Hochschule Bremerhaven[14]
  • Rith: Bíonn an Bremerhavener City-Marathon ar siúl ar bhonn bliantúil[15]
  • Sacar:
Roinn a Cúig (Sraith Bhremen)
  • FC Bremerhaven
  • OSC Bremerhaven
  • TSV Wulsdorf
Roinn a Sé (Sraith Bhremen)
  • FC Bremerhaven 2
  • Geestemünder SC
  • Leher TS
  • SC Sparta Bremerhaven
Roinn a Seacht (Sraith Bhremerhaven)
  • SC Sparta Bremerhaven 2
  • BSC Grünhöfe
  • ESV Bremerhaven
  • SC Lehe-Spaden
  • SC Schiffdorferdamm
  • SFL Bremerhaven
  • Geestemünder TV
  • TSV Wulsdorf 2
  • TV Lehe
  • Seoltóireacht: WYC Weser Yacht Club Bremerhaven, WVW Wasersportverein Wulsdorf
  • Snámh: GTV Bremerhaven[16]
  • Trí-atlan: Trí-atlan Bhremerhaven[17]


Gailearaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Uni-protokolle.de". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2016-03-05. Dáta rochtana: 2011-05-12.
  2. Dierks, August is von Garvens, Eugenie, Bremerhaven- tätige Stadt im Noordseewind (an 4ú atheagrú, 1959)
  3. United States Army Air Forces in World War II le Jack McKillop
  4. 4.00 4.01 4.02 4.03 4.04 4.05 4.06 4.07 4.08 4.09 Suíomh an Deutsches Auswandererhaus[nasc briste go buan]
  5. Suíomh Chairde Iarsmalann na hImirce
  6. "suite101.de". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2011-01-20. Dáta rochtana: 2011-05-12.
  7. Suíomh idirlíne TSG Bremerhaven
  8. "Suíomh idirlíne Leher TS". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2016-03-05. Dáta rochtana: 2011-05-13.
  9. Suíomh idirlíne LVU Bremerhaven
  10. Suíomh idirlíne GTV Bremerhaven
  11. Suíomh idirlíne HSG Geestemünde
  12. "Suíomh idirlíne Leher TS". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2012-09-13. Dáta rochtana: 2011-05-13.
  13. Suíomh an Chumainn
  14. "Meánscoil Bhremerhaven". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2010-12-19. Dáta rochtana: 2011-05-13.
  15. Suíomh Idirlíne an Mharatóin
  16. Suíomh idirlíne GTV Bremerhaven
  17. "Suíomh idirlíne an Bremerhavener Trí-Atlain". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2011-07-18. Dáta rochtana: 2011-05-14.