Brúthomhsaire

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Brúthomhsaire

Feadán i bhfoirm crúca a dtugtar feadán Bourdon air. Nuair a bhíonn an brú taobh istigh den fheadán níos mó ná an brú taobh amuigh, tosaíonn an feadán ag díriú. Tarchuirtear an ghluaiseacht seo trí luamháin is giaranna chun snáthaid a chasadh timpeall diaile grádaithe. Tá braiteoir micreascópach brú ann, scannán sileacain, níos lú ná 10 μm ar tiús agus friotóirí bídeacha leabaithe ann. Nuair a athraíonn an brú ar thaobh amháin den scannán seo athraíonn friotaíocht na bhfriotóirí, agus is féidir an t-athrú friotaíochta seo a ghrádú in aonaid brú.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Brúthomhsaire". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 95.