Brúsalóis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Galar ainmhithe, ag eallach go príomha, mar thoradh ar ionfhabhtú le miocrorgánaigh den ghné Brucella, a ainmníodh as an mbaictéareolaí Briotanach David Bruce (1855-1931). Ainm eile air is ea breith anabaí tadhaill. Is féidir é a tharchur do dhaoine trí cháis ionfhabhtaithe a ithe, nó bainne bó nó gabhair ionfhabhtaithe a ól, agus tugtar fiabhras madhmachfiabhras Mhálta air ansin.