Brífít

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Roinn plandaí neamhfheadánacha a bheireann spóir, a chuimsíonn os cionn 25,000 speiceas, ina measc caonach, aelus is cornlach. Cealla seoltacha acu gan aon fhíorfhíochán feadánach. Riosóidigh acu, fiafháis cosúil le snáithí, a cheanglaíonn an planda síos is a sheolann uisce don phlanda, ach nach fréamhacha iad. Má bhíonn duilleoga orthu ní bhíonn iontu ach tiús cille amháin, agus tiús beagán níos mó sa dual lárnach. Is í an phríomhghlúin ná an ghaiméitifít, tallas nó planda beag duilleogach. Táirgtear gaiméití fireanna (antairidiamaí) is baineanna (arcagóiniamaí), agus iompraítear iad go díreach ar dhromchla an phlanda nó strúchtúir choimpléascacha ingearacha ar ghais mhaothanacha. Is é a bhíonn sa ghlúin spóraifíteach ghearrthéarmach ná spórchochall fadghasach a fhásann díreach suas ón arcagóiniam toirchithe. Tarlaíonn atáirgeadh neamhghnéasach freisin trí gheimí, filiméid ilcheallacha a tháirgtear i gcupáin ar leith ar fhoircinn duilleog nó gais ar leith, agus is féidir leo seo fás ina phlanda nua neamhspleách, díreach mar a dhéanann bleibeanna ó phlandaí bláfara. Plandaí tíre den chuid is mó is ea na brífítí, go minic eipifíteach (ag fás ar phlanda eile, cé nach seadán é). Bíonn siad an-íogair don triomú, agus is gá uisce chun na gaiméití a chur le chéile san atáirgeadh gnéasach, agus mar sin, bíonn siad teorannaithe do ghnáthóga taise nó fliucha. Glactar leis go forleathan gur plandaí tábhachtacha táscaire íad maidir le truailliú aeir, uisce is talún.

Aicmiú Bhriaifítí[athraigh | edit source]

Ní grúpa monaifhíliginiteach atá sna briaifítí ach tá trí grúpa ann, na Marchantiophyta, Anthocerotophyta, agus Bryophyta.

Bryo cladogram.jpg


Rangú na Bryophyta[athraigh | edit source]

  • Aelusanna
  • Caonaigh