Bréidín

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bréidín

Fabraic gharbh throm olla le caitheamh ar an taobh amuigh. Rinneadh den chéad uair i ndeisceart na hAlban é, agus bhí cuid mhaith patrún difriúil ar an margadh. Cuir Bantiarna Dhún Mór déantúsaíocht an bhréidin ar aghaidh ar oileán na Hearadh sna 1850idí, agus d'éirigh léi a chur ina luí ar uaslathas na Breataine é a chaitheamh. Tá cuma thíriúil ar bhréidín traidisiúnta na Hearadh, ach bíonn na dearaí nua-aoiseacha ildaite agus níos éadroime.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Bréidín". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 89.