Boston University

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Boston University

Buseal.png
Mana Learning, Virtue, Piety
Bunaithe 1839
Uachtarán Robert A. Brown
Propast David K. Campbell
Foireann teagaisc 7,410
Fochéimithe 18,534
Iarchéimithe 13,232
Láthair Boston, SAM
Campas Uirbeach, 132 acra
Láithreán Gréasáin http://www.BU.edu/
BU College of Communication.jpg

Is í Boston University an ceathrú ollscoil phríobháideach is mó i SAM. Tá sí lonnaithe i mBostún agus tá níos mó ná 30,000 daltaí, idir fochéimithe agus iarchéimithe, cláraithe ann. Glaoitear BU air i mbéal an phobail.

Stair[athraigh | edit source]

Bunaíodh í mar Methodist Seminar i Newbury, Vermont sa bhliain 1839. Aistríodh an scoil go Concord, New Hampshire sular shocraigh sí síos i mBostún sa bhliain 1867. Ainmníodh í mar Boston University sa bhliain 1869.

Eagrú na hOllscoile[athraigh | edit source]

Tá an ollscoil roinnte i sé choláiste agus naoi scoileanna. Siad na cinn is clúití ná na ranna Fealsúnacht, Fiaclóireacht, Teagasc, Dlí, Leigheas agus Diagacht. Tá an rannóg leighis ollmhór agus é lonnaithe ar suíomh leis féin bainteach le Boston University Medical Center.