Bosca ballóide

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is éard is bosca ballóide ná coimeádán séalaithe sealadach, de ghnáth bíonn sé cearnach (cé gur féidir uaireanta gur mála dobhearnaithe a bhéas in úsáid). Bíonn sliotán caol ar a bharr, a bhíonn mór go leor chun glacadh le páipéar ballóide, ach a chuireann cosc ar aon duine rochtain a fháil ar na vótaí a caitheadh, go dtí deireadh na tréimhse vótála.