Borradh stoirme

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ardú leibhéal na farraige go háitiúil, nuair a bhíonn gaotha ag séideadh i dtreo an chladaigh agus laghdú brú san atmaisféar de bharr stoirme. Déantar an chuid is mó den dochar ó thuilte i stoirmeacha gaoithe, tíofúin is stoirmeacha móra eile trí bhorradh stoirme. Ar feadh cóstaí na hIndia is na Síne maraíodh na céadta míle trí bhorrthaí mar seo. Tharla an borradh is milltí sa taobh seo den Domhan sa Mhuir Thuaidh i ngeimhreadh 1953 nuair a d'éirigh leibhéal na farraige 3 m ar chósta na hOllainne.