Bord Soláthair an Leictreachais
| Bord Soláthair an Leictreachais | |
![]() Lógó an Chomhlachta |
|
| Saghas Comhlachta | Comhlacht reachtúil |
| Bunaithe | 1927 |
| Suíomh | Baile Átha Cliath, Éire |
| Daoine Lárnacha | Pádraig McManus - POF Lochlann Quinn - Cathaoirleach |
| Méid fostaithe | 7800[1] |
| Tionscail | Riarthóir Stáit um Fhuinneamh Leictreachais |
| Láithreán Gréasáin | http://www.esb.ie |
Comhlacht stáit in Éirinn is ea Bord Soláthair an Leictreachais nó BSL. Bunaíodh é chun maoirseacht a dhéanamh ar chur an fáil an leictreachas ó bhliain a bhunaithe i 1927. Ach san am i láthair, tá deireadh á chur le monaplacht BSL sa mhargadh leictreachais i bPoblacht na hÉireann de réir a chéile agus léirscaoileadh an mhargaidh á chur i bhfeidhm. I láthair na huaire, tá 95% den chomhlacht faoi úinéireacht an stáit agus an chuid eile mar scaireanna ag fostaithe an chomhlachta.
Clár ábhair |
Stair [athraigh]
Nuair a bunaíodh Saorstát Éireann, ba léir an gá a bhí le forbairt fuinnimh agus cumhachta le cur le forbairt thionsclaíoch an stáit. Chuir innealtóir Éireannach, an Dr. Thomas A. McLoughlin, plean faoi bhráid an Rialtais chun damba a thógáil ar Abhainn na Sionainne agus stáisiún giniúna leictreachais a thógáil ag Árd na Croise chun leas a bhaint as cumhacht an uisce. Ba dhána an togra a bhí á mholadh, ach glacadh leis agus ceapadh an comhlacht Gearmánach Siemens-Schuckert chun an togra a chur i gcrích i 1925. Tosaíodh ar an obair thógála i Meán Fómhair na bliana sin.[2]
Nuair a bhí Scéim na Sionainne á tógáil, ritheadh Acht Bhord Soláthair an Leictreachais tríd an Oireachtas ar mhaithe le bunú Bhord Soláthair an Leictreachais, a bhí le bheith ina chomhlacht corparáideach chun rialáil agus forbairt a dhéanamh ar líonra leictreachais na hÉireann. Faoin Acht seo, cheap an Rialtas céad chomhaltaí an Bhoird; Cathaoirleach lánaimseartha agus seisear ball eile.
Bhí sé de dhúshlán roimh an gcomhlacht nua comhordú a dhéanamh ar chur ar fáil an leictreachais go náisiúnta, ó bhí breis is 300 soláthraí éagsúil bainteach le soláthar leictreachais in Éirinn ag an am, lenar áiríodh údaráis áitiúla agus gnólachtaí móra. Aistríodh a gcúraimí siúd go rathúil go dtí an comhlacht nuabhunaithe, de réir a chéile.
Foinsí Fuinnimh an Chomhlachta [athraigh]
I measc na bhfoinsí fuinnimh neamh-inathnuaite lena gcuireann BSL cumhacht ar fáil don phobal, tá móin, gual, ola, agus gás.[3] Is iad na foinsí inathnuaite ná uisce agus gaoth.
Rannóga an Chomhlachta [athraigh]
Giniúint Cumhachta BSL [athraigh]
Déanann an rannóg seo riaradh ar stáisiúin giniúna an chomhlachta, ag a bhfuil toilleadh suiteáilte iontu d'iomlán 4651MW.
Soláthar Custaiméirí BSL [athraigh]
Cuireann siad seo soláthar leictreachais ar fáil do bhreis is dhá mhilliún custaiméir in Éirinn, ar custaiméirí miondíola tís iad a bhformhór, de réir téarmaí a bhíonn ceadaithe ag an gCoimisiún um Rialáil Fuinnimh
Líonraí BSL [athraigh]
Tá an líonra tarchurtha ard-voltais faoi úinéireacht na rannóige seo de BSL.
BSL Idirnáisiúnta [athraigh]
Is ionann seo agus an chuid idirnáisiúnta de ghnó an chomhlachta. Bíonn an rannóg seo san iomaíocht don obair a bhíonn á tairiscint go hidirnáisiúnta do chomhlachtaí fuinnimh éagsúla.
Bord agus Bainistíocht BSL [athraigh]
Seo rannóg lucht riartha an chomhlacht i gcoitinne.
