Boiteog

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Cuileog láidir ribeach a bhfuil a larbhaí seadánach faoin gcraiceann i mamaigh, ag ithe na sreabhán a úscann amach as na fíocháin. Tochlaíonn na larbhaí aibí amach tríd an gcraiceann agus pupaíonn ar an talamh. Beireann an bhoiteog chaorach a huibheacha i bpolláirí na caorach.