Bogna Korjenkowa

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaBogna Korjenkowa
Beathaisnéis
Breith(hsb) Bogna Bejmakec
1965
58/59 bliana d'aois
Bautzen, An Ghearmáin Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síSerbski gymnazij Budyšin Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmláithreoir teilifíse, iriseoir Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1992 –
TeangachaSorbais Uachtarach

IMDB: nm2757863 Cuir in eagar ar Wikidata

Is láithreoir raidió agus teilifíse Sorbach í Bogna Korjenkowa (r. 1965) (Bogna Koreng as Gearmáinis).

Rugadh sa bhliain 1965 í i bparóiste Radibor na Gearmáine, atá suite 10km ó thuaidh ó chathair Bautzen i Saorstát Sachsen. Rinne sí staidéar ar an Léann Gearmánach san ollscoil. Ceapadh mar láithreoir an chláir úd as Soirbis Wuhladko ar an stáisiún poiblí Mitteledeutschen Rundfunk (MDR) agus tá sí fostaithe mar bhainisteoir stiúideo ag an gcraoltóir chomh maith. Tá cónaí anois uirthi lena clann i bparóiste Panschwits-Kuckau, ceartlár an chultúir Shorbaigh, 12km ó chathair Kamenz.

Árdán tábhachtach i gcultúr na Sorbach é Wuhladko ar a phlétear cúrsaí reatha, béaloideas, stair, nósanna agus cúrsaí eile a bhaineann leis an mionlach eitneach Slavach sin agus bhuaigh an clár an tríú duais i bhFéile Idirnáisiúnta Raidió agus Telefíse Teangacha na Mionlach i gcathair Uzgorod na hÚcráine sa bhliain 2005.