Bogha ceo

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bogha ceo in aice le San Francisco

Feiniméan aeráide cosúil le bogha ceatha is ea an bogha ceo. Stua sa spéir atá ann, ach ní hionann le bogha ceatha bíonn na dathanna an-lag: a rian den dearg ar an gciúmhais taobh amuigh, agus iarracht den ghorm ar an taobh istigh. Feictear do dhaoine é, áfach, mar bhogha ceatha bán, agus sin a thugtar orthu go minic. I gcás an bhogha (nó tuar) ceatha, tagann solas na gréine chugainn trí bhraonta báistí a bhíonn mar phriosmaí beaga a scarann solas na gréine ina roinnt dathanna difriúla. I gcás an bhogha ceo, tagann an solas trí bhraonta den cheo atá thar a bheith beag—níos lú ná 0.05 milliméadar (0.0020 orlach). Scriosann díraonadh na bpriosmaí beaga bídeacha seo na dathanna ar fad nach mór i solas na gréine.