Bogearraí mailíseacha

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is éard atá i gceist le bogearraí mailíseacharíomhchláir (ríomhoidis, bogearraí) a thagann isteach ón Idirlíon le seadú a dhéanamh i ríomhaire an úsáideora i ngan fhios dó. Sa ghnáthchaint, is minic a thugtar "víreas" ar gach sórt bogearraí mailíseacha, ach le fírinne, is iomaí cineál eile atá ann, mar shampla:

  • Péisteanna ríomhaire. Is éard atá i gceist le péist ríomhaire ná ríomhchlár atá á iomadú féin agus ag fágáil cóipeanna de féin ar fud an chórais. Ní greamaíonn na péisteanna d'aon ríomhchlár eile, mar a dhéanann na víris.
  • Capall Traíoch. Is éard is capall Traíoch ann ná bogearra a thugann le fios go bhfuil sé le jab áirithe a dhéanamh, ach ina áit sin, nó fiú sa bhreis air sin, iompraíonn sé isteach orduithe nó scripteanna faoi cheilt ar féidir dóibh dochar éigin a dhéanamh do shonraí an úsáideora, dá ríomhaire nó dá phríobháideacht. Is iomaí spárálaí scáileáin "saor in aisce" a bhíonn ina chapall Traíoch.
  • Trealamh fréamhrochtana. Is éard atá i gceist le trealamh fréamhrochtana ná bogearra nó foireann bogearraí - "trealamh" - a chuireann ar do chumas pribhléidí an riarthóra - "fréamhrochtain", de réir théarmaíocht an chórais Unix - a bhaint amach duit gan cheadúnas na ndaoine eile a úsáideann an ríomhaire céanna.
  • Bogearraí spiaireachta. Mar a thugann an t-ainm féin le fios, is ríomhchláir iad seo a bhíonn ag coinneáil diansúile ar an dóigh a n-úsáideann an duine an ríomhaire.
  • Cuid de na bogearraí fógraíochta, ar a laghad.

Bunús agus cuspóirí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cuid de na bogearraí mailíseacha, ní raibh iontu ar dtús ach turgnaimh eolaíochta nó clis mhagaidh. Iad siúd a d'fhorbair iad, ní raibh siad ag iarraidh dochar tromchúiseach a dhéanamh d'aon duine ná dá ríomhaire. Na ríomhchláraitheoirí óga a bhíodh á scríobh, ní raibh i gceist acu ach éirí eolach ar bhealaí na víreas, go háirithe chomh tapa agus a bhí siad ag léim ó ríomhaire go ríomhaire. Dealraíonn sé nach raibh ach cleas magaidh i gceist leis na víris ab fhairsinge a leath, chomh déanach leis an mbliain 1999.

Na víris atá ceaptha le loitiméireacht a dhéanamh nó leis na sonraí a dhíothú, tá níos mó i gceist leosan ná cleas magaidh. In imeacht ama, áfach, tháinig víris eile ar an bhfód agus iad dírithe ar bhrabús gnó a dhéanamh trí úsáid a bhaint as ríomhairí daoine eile i ngan fhios dóibh. Is féidir leis an gcoirpeach dul i muinín na ríomhairí ionfhabhtaithe (truaillithe) le litreacha turscair (spam) a chur sa ríomhphost, ábhar coiriúil (pornagrafaíocht leanaí, mar shampla) a choinneáil ar stóras, nó ionsaí diúltaithe seirbhíse a chur i gcrích mar shracaireacht.

Na víris is na péisteanna[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is iad na víris is na péisteanna na cineálacha bogearraí mailíseacha is mó a bhíonn i mbéal an phobail. Is éard atá i gceist leo ná bogearraí atá á leathadh mar a bheadh tolgadh galair ann. Is é is víreas ann ná ríomhchlár atá tar éis é féin a chur le ríomhchlár úsáideach éigin. Nuair a rithfear an ríomhchlár seo, rithfear an víreas san am céanna, agus na bogearraí úsáideacha eile á thruailliú ar an dóigh chéanna. Mar sin, níl sa víreas féin, go bunúsach, ach oideas a atáirgthe féin. Is féidir, áfach, "pálasta" a chur leis an oideas seo, is é sin, an chuid den víreas a chuireann gníomhaíochtaí eile i gcrích, agus iad docharach go minic. (Tháinig an téarma sin "pálasta" ón spásaireacht, nó is éard atá i gceist leis an bpálasta ansin ná na daoine nó an taiscéalaí spáis atá á iompar ag an roicéad.) Tá an víreas i dtuilleamaí bogearraí eile le hé féin a atáirgeadh is a leathadh, ach níl srianta den chineál sin leis an bpéist: bíonn na péisteanna á leathadh féin ó ríomhaire go ríomhaire tríd na líonraí ríomhairí, cosúil leis an Idirlíon. Bhí víris agus péisteanna ann roimh lá an Idirlín féin, áfach. San am sin, bhí siad ag dul ó ríomhaire go ríomhaire nuair a bhí na geocaigh ríomhairí, abair, ag cóipeáil ríomhchláir óna chéile agus ag tabhairt dioscaí le ríomhchláir ar iasacht dá chéile.

Na capaill Thraíocha, na trealaimh fhréamhrochtana, agus na doirse cúil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Le go bhféadfadh an ríomhchlár mailíseach dul chun dochair don ríomhaire, caithfidh sé a bheith folaithe, nó mura bhfuil, is féidir go n-aithneoidh an t-úsáideoir go bhfuil rud éigin cearr, ionas go gcuirfidh sé an ríomhaire as nó go scriosfaidh sé an bogearra naimhdeach sula mbeidh an camghnó déanta. Ar ndóigh, ní mór fíor-chuspóir an bhogearra mhailísigh a choinneáil faoi cheilt leis an úsáideoir a mhealladh chun é a shuiteáil ar an ríomhaire. Na bogearraí mailíseacha atá bunaithe ar an smaoineamh seo, tugtar capaill Thraíocha, nó Traígh, orthu.

Sa chiall is fairsinge, is é is ciall le "capall Traíoch" ná bogearra a mheallann an duine chun é a shuiteáil agus úsáid chiallmhar éigin a bhaint as, ach nuair a shuiteálfaidh an t-úsáideoir é, tiocfaidh pálasta folaithe isteach a bhfuil urchóid éigin ag baint leis. Is féidir don Traíoch cleas mailíseach éigin a imirt ar an úsáideoir, mar shampla a chuid sonraí a scrios, ach inniu, is minicí a shuiteálfaidh an Traíoch tuilleadh ríomhchláir lena úsáid féin a bhaint as an ríomhaire. Tugtar scaoilteoir ar an gcineál Traíoch a úsáidtear le síol a chur le heipidéim phéisteanna tríd an chéad phéist a scaoileadh saor ar an chéad ríomhaire.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]