Bobby Jindal

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaBobby Jindal

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(en) Piyush Jindal
10 Meitheamh 1971
52 bliana d'aois
Baton Rouge, Louisiana, Louisiana Cuir in eagar ar Wikidata
55 Gobharnóir Louisiana
14 Eanáir 2008 – 11 Eanáir 2016
← Kathleen BlancoJohn Bel Edwards →
Ionadaí na Stát Aontaithe
4 Eanáir 2007 – 14 Eanáir 2008


Ionadaí na Stát Aontaithe
4 Eanáir 2005 – 3 Eanáir 2007


Ionadaí na Stát Aontaithe
3 Eanáir 2005 – 14 Eanáir 2008
Assistant secretary (en) Aistrigh United States Department of Health and Human Services (en) Aistrigh
2001 –
Rúnaí Louisiana Department of Health and Hospitals (en) Aistrigh
1996 – 1998
Uachtarán University of Louisiana System (en) Aistrigh
1999
Executive director (en) Aistrigh coiste
1998 Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnCaitliceachas
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Brown - Baitsiléir Eolaíochta (–1991)
Ollscoil Oxford - Master of Letters (en) Aistrigh (–1994)
Baton Rouge Magnet High School (en) Aistrigh (–1988)
An Coláiste Nua, Oxford
Georgia State University College of Law (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Céim acadúilBaitsiléir Eolaíochta
Master of Letters (en) Aistrigh
Áit chónaitheLouisiana Governor's Mansion (en) Aistrigh
Teanga dhúchaisBéarla
LámhcheannasDeasógacht
Gníomhaíocht
Suíomh oibre Washington, D.C. Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmpolaiteoir, scríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaPáirtí Poblachtach Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla
Teaghlach
CéileSupriya Jindal Cuir in eagar ar Wikidata
AthairAmar Jindal
Croineolaíocht
Bobby Jindal presidential campaign, 2016 (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas
Síniú

Suíomh gréasáinbobbyjindal.com Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm2010733 Facebook: bobbyjindal Twitter: BobbyJindal Instagram: bobbyjindal Youtube: UCHprWAjXDn0eQrQdvHk1LMA Cuir in eagar ar Wikidata

Polaiteoir Meiriceánach is ea Piyush "Bobby" Jindal (a rugadh 10 Meitheamh 1971). Ball de Theach na nIonaidaithe sa Chomhdháil i Washington, D.C. a bhí ann ó 2005 go dtí 2008 ar son toghcheantair i Louisiana. Ó 14 Eanáir 2008 go 11 Eanáir 2016 bhí Jindal ina ghobharnóir ar an stát céanna. Is ball den Pháirtí Poblachtach é.

Rugadh Bobby Jindal i mBaton Rouge, Louisiana d’imircí ón India. Nuair a bhí sé ina mhac léinn ardscoile d’iompaigh sé ón Hiondúchas go dtí an Chríostaíocht. Bhain sé amach céim bhaitsiléara sa bhitheolaíocht agus san eolaíocht pholaitiúil ag Ollscoil Brown agus ina dhiaidh sin fuair sé scoláireacht Rhodes chuig Ollscoil Oxford, mar ar bhain sé a chéim mháistreachta sa pholaitíocht amach.

Chaith Jindal sealanna ag obair ar chúrsaí sláinte agus mar uachtarán Ollscoil Louisiana. Sa bhliain 2003 rinne sé a chéad iarracht ar phost ghobharnóra Louisiana, ach fuair Kathleen Blanco, bean choimeádach de chuid an Pháirtí Dhaonlathaigh an bua air sa toghchán. D'éirigh leis go héasca, áfach, suíochán a bhaint amach sa Chomhdháil i Washington sa bhliain 2004. Sheas sé arís d’oifig an ghobharnóra sa bhliain 2007. Chuaigh míshástacht vótálaithe Louisiana le rialtas an stáit úd i ndiaidh Hairicín Katrina chun sochair do Jindal agus fuair sé an bua sa toghchán sin. Toghadh arís é mar ghobharnóir sa bhliain 2011.

Is duine coimeádach é Jindal. Tá seasamh láidir tógtha aige i gcoinne an ghinmhillte cé nach bhfuil sé in aghaidh bearta éigeandála arb ionann, dar lena lán, leis an nginmhilleadh féin. Tá sé ar son phionós an bháis. Sa bhliain 2008, bhí Jindal ar na daoine ar chuir foireann John McCain suim iontu mar iarrthóir ar son leasuachtaránacht na tíre, ach i ndeireadh na dála Sarah Palin a roghnaíodh. Sa bhliain 2015 chuir sé feachtas ar siúl ar lorg ainmniúchán an Pháirtí Phoblachtaigh mar uachtarán na tíre ach ar 17 Samhain 2015 chuir sé an feachtas ar ceal.

Tá Bobby Jindal pósta ar Supriya Jolly, iníon le himircigh Indiacha freisin, ón mbliain 1997 i leith. Tá triúr iníonacha acu.

Nasc seachtrach[cuir in eagar | athraigh foinse]