Blianta neamhthuairiscithe Íosa

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Baineann sé seo leis an tréimhse neamhthuairiscithe ama ó óige Íosa go dtí tús a mhinistéireachta de réir an Tiomna Nua.

Tá cuntas sna soiscalt ar bhreith Íosa agus ar an teitheadh go dtí an Éigipt chun éalú ó Hearóíd (Soiscéal Mhatha 2:13-23). Tá tagairt ghinearálta ann do Iosaef agus Muire, mar aon leis an leanbh Íosa, a bheith ina gcónaí i Nasareth (Matha 2:23, Soiscéal Lúcáis 2:39-40). Tá trácht ann fresin ar Iosaeif, Muire agus Íosa a dhul go chthair Iarúsailéim don Cháisc, nuair a bhí Íosa dhá bhliain déag d'aois (Lúcás 2:4250).

Ón eachtra sin amach, níl tásc ná tuairisc ar ocht mbliana déag de shaol Íosa (ó aois a 12 go dtí 30. Taobh amuigh den ráiteas ginearálta gur mhéadaigh ar a ghaois, a cháil agus a ghean i láthair Dé agus na ndaoine (Lúcás 2:52), níl faic na ngrást ráite sa Bhíobla faoi shaol Íosa i rith na tréimhse sin. Glacann Críostaithe leis go coitianta gur mhair Íosa i Nasareth i rith na tréimhse sin, ach tá cuntais éagsúla ann a thugann a mhalairt le tuiscint; gur thaistil sé go dtí an India ina measc.

Tá roinnt údar ann a mhaígh go bhfuair siad cruthúnas gurbh ann do lámhscríbhinní san India agus sa Tíbéid atá mar bhonn taca leis an gcreistiúint go raibh Íosa san India ag an tráth seo dá shaol. Tá tuilleadh ann a luann scéalta seanchais as áiteanna éagsúla sa réigiún a deir go ndeachaigh Íosa an bealach iontu annalóíd.[1] Ba é Nicolas Notovitch (1894) a chéad labhair ar lámhscríbhinn faoi Íosa san India. Ó shin i leith, tá sleachta scríofa ag údair éagsúla ar an ábhar seo, ina measc siúd an ceannaire creidimh Mirza Ghulam Ahmad (bunaitheoir ghluaiseacht Ahmadiyya) (1899), Levi H. Dowling (1908), Swami Abhedananda (1922),[2] Nicholas Roerich (1923–1928),[1] Mathilde Ludendorff (1930), Elizabeth Clare Prophet (bunaitheoir an Ascended Master Teachings New Age group) (1956)[3] agus níos deireanaí Holger Kersten[4] ina leabhar Jesus Lived in India (1981).

Soiscéal Acuariach Íosa Críost[athraigh | edit source]

Maíonn Soiscéal Acuariach Íosa Críost le Levi H. Dowlin, a foilsíodh in 1908, gurb é fíorscéal shaol Íosa é agus go bhfuil na hocht mbliana déag nach bhfuil aon trácht orthu sa Tiomna Nua anseo freisin.

Insítear faoi Íosa a dhul chun na hIndia, na Tibéide, na Peirsia, Assyria, na Gréige agus na hÉigipte.

Íosa san India[athraigh | edit source]

Maítear in Jesus and Buddhism le Gruber and Kersten (1995) go raibh tinchar mór ag an mBúdachas ar shaol agus teagasc Íosa.[5] Deir na húdair go raibh tionchar ag teagasc agus cleachtas na Therapeutae ar Íosa. Dar leis na húdair ba mhúinteoirí den scoil Bhúdach Theravada a raibh cónaí orthu i Iudea ag an am ab ea na Therapeutae. Deir siad gur mar Bhúdach a chaith Íosa a shaol agus gur mhúin sé idéil an Bhúdachais dá dheisceabal; tá saothar na n-údar seo ag treabhadh na hiomaire céanna leis an scoláire ar an Tiomna Nua in Oxford, Barnett Hillman Streeter, a chruthaigh chomh luath leis na 1930idí go bhfuil ceithre chosúlacht shuntasacha ag teagasc morálta Buddha leis an Seanmóir ar an Sliabh."[6]

Creideann scoláirí áirithe go bhféadfadh sé go raibh tionchar ag an gcreideamh Búdach ar Íosa agus go bhfuil an tionchar féideartha sin le feiceáil i Soiscéal Thomáis agus i go leor de na téacsanna Nag Hammandi. Pléitear na teoiricí sin i leabhair ar nós The Gnostic Gospels and Beyond Belief: the Secret Gospel of Thomas le Elaine Pagels agus The Original Jesus le Gruber agus Kersten.

Tá láíthreán gréasáin ag an Buddha Dharma Education Association - Buddhanet.net - ina dtugtar cuntas ama ar stair Bhúdaigh na Tibéide. De réir a gcuid staraithe siúd, thosaigh an Búdachas ag teacht isteach sa Tibéid Theas thart ar 150 bliain tar éis chéasadh Íosa, nó c200 C.E. Bhí sé fiche nó tríocha bliain ina dhiaidh sin sular thosaigh tionchar na scriptiúr Búdach ag scaipeadh go dtí an Tibéid Thuaidh.

Naomh Issa[athraigh | edit source]

In 1887 thug comhfhgreagraí cogaidh as an Rúis, Nicolas Notovitch, cuairt ar an India agus an Tibéid. Mhaígh sé gur chuala sé faoi "Saol Naomh Issa, Scoth Chlann an Duine", ag an lamasery nó mainistir ag Hemis in Ladakh. Issa an focal Arabach ar Íosa. Foilsíodh a scéal mar aon le téacs aistrithe de "Beatha Naomh Issa" i bhFraincis sa bhliain 1894 faoin teideal La vie inconnue de Jesus Christ. Aistríodh go Béarla, Gearmáinis, Spáinnis agus Iodáilis ina dhiaidh sin é.

Bhain conspóid láithreach le scríbhinní Notovitch. Rinn an Gearmánach Max Mueller, saineolaí ar chúrsaí an oirthir ach nach raibh san India riamh é féin, litir a fuair sé ó oifigeach coilíneach Briotanach a fhoilsiú inar dúradh nach raibh "tuairisc ar bith" ar Notovitch a bheith in Ladakh.

Thug J. Archibald Douglas, a bhí ina mhúinteoir sa Choláiste Rialtais in Agra ag an am, cuairt freisin ar mhainistir Hemis in 1895, ach deir sé nach bhfuair sé aon fhianaise go raibh Notovich riamh ann. Ach is beag faisnéise beathaisnéise atá ann faoi Notovitch agus níor thángthas riamh ar thaifead báis dó.[3] Sa dialann a scríobh an Dr. Karl Rudolph Marx den Ladane Charitable Dispensary, misinéir de chuid Ord na mBráithre Morávacha agus stiúrthóír ar an ospidéal in Ley, luaitear gur chuir sé cóír leighis ar Nicolas Notovitch le haghaidh tinneas fiacal i mí na Samhna 1887. Deir Edgar J. Goodspeed, áfach, ina leabhar "Famous Biblical Hoaxes" gur shínigh an ceann-ab de phobal Hemis doiciméad a mhaígh go mba bhréagadóir amach is amach a bhí in Notovitch; níor fíoraídoh an maíomh sin ar bhonn neamhspleách.[7]

Gan aon fhainaise chuiditheach ag teacht chun solais ó chuairteoirí ar an mainistir ina dhiaidh sin, is é an freagra a thug Notovich ar ar mhaígh an lama ag Hemis nárbh ann don lámhscríbhinn ná go gceapfadh na manaigh go léireodh na fiosrúcháin faoi na lámhscríbhinní mar chruthúnas don domhan mór a luachmhaire a bhí siad agus go raibh an baol an go ngoidfí iad nó go dtógfaí iad leis an láimh láidir.[3] Siod a scríobh na Tibéideolaithe Snellgrove agus Skorupski faoi na manaigh in Hemis, "Dealraíonn sé go gcreideann siad go ngoideann na heachtrannaigh uile gach a bhféadann siad. Is fíor go bhfuil maoin go leor imithe uathu le blianta beaga anuas." [8] Thug Notovich freisin ainmneacha roinnt daoine sa réigiúin a d'fhéadadh a rá go raibh sé ann.[3]

In 1922, tar éis amhras a bheith ar ar dtús faoi Notovitch, chuaigh Swami Abhedananda, deisceapal den Sri Famakrishma agus fear aitheantais de Max Mueller,[3] ar aistear chun na Tibéide, rinne sé fiosrúchán faoin maíomh a rinne sé agus thaispeáin an lama lámhscríbhinn dó agus lena chabhair siúd d'aistrigh sé cuid den doiciméad, agus níos déanaí sheas sé le tuairimí Notovich.[2] Ós rud é gur thug sé óráid ag adhclacadh Max Mueller, rinneadh scéal mór dó a bheith ag dul i gcoinne a raibh ráite ag Mueller go mba dhoicméad falsa an doiciméad sin ag Notovitch.[3]

Tá roinnt údar ann a bhfuil forbairt déanta ar na cuntais sin acu ina gcuid saothar fáin. Mar shampla, ina leabhar The Lost Years of Jesus: Documentary Evidence of Jesus's 17-Year Journey to the East, luann Elizabeth Clare Prophet lámhscríbhinní Búdacha a thugann fianaise gur thaistil Íosa chun na hIndia, Neipeal, Ladakh agus na Tibéide.[3] Mar sin féin, cuireann sí agóidí agus bréignithe i dtaca le Beatha Naomh Issa i gcló arís, ag tabhairt dhá thaobh na conspóíde go mion.3] Deir sí, "Ní mó de chruthúnas nárbh ann don lámhscríbhinn de bhrí nach bhfaca Doublas cóip de ná an chruthúnas gurbh ann dó de bhrí go ndúirt Notovitch é." [3][Note 1]

Sa lá atá inniu ann, ní scoláire aitheanta amháin ar dhroim an domhainn atá idir dhá chomhairle faoin gceist. Chum Notovitch an scéal ar fad. Shaothraigh sé lear maith airgid agus bhí cáil air as an scéim.[9] —Bart D. Ehrman, Forged: Writing in the Name of God—Why the Bible’s Authors Are Not Who We Think They Are

Críost agus Krishna[athraigh | edit source]

Tá an smaoineamh faoi Íosa san India ag dul siar go dtí leabhar Louis Jacolliot La Bible dans l'Inde, Vie de Iezeus Christna (1869) [10] (An Bíobla san India, nó Beatha Íosa Christna),[11] ach níl aon cheangal díreach idir a chuid scríbhinní agus gach a bhfuil scríofa ag na scríbhneoirí ar lámhscríbhinní Himmis.

Déanann Jacolliot comparáid idir beatha Bhagavan Krishna agus beatha Íosa Críost sna soiscéalta agus tagann sé ar an tátal nach bhféadfadh sé gur comhtharlú atá sa dá scéal agus go bhfuil aon oiread sin cosúlachtaí eatarthu ar go leor bealaí. Deir sé gur miotas atá sa chontas sna soiscéalta atá bunaiteh ar mhiotas na Sean-India. [Note 2] Tá comparáid á dhéanamh ag Jacolliot, áfach, idir dhá thréimhse éagsúla sa stair (nó sa mhioteolaíocht) agus ní mhaíonn sé go raibh Íosa san India. Is "Christna" an litriú atá aige ar "Krishna" agus maíonn sé gur thug deisceabail Krishna an t-ainm "Jezeus" air, ainm ar ionannn é agus "fíor-eisint" sa Sanscrit[11], cé nach téarma Sanscrite é beag ná mór - "níl ann ach gur chum [Jacoillot] é"[12].

Bhavishya Maha Purana[athraigh | edit source]

Dar le Kersten, in Bahvishya Maha Purana na Hindúch, sa Pratisargaarvan (19.17-32), leagan den téacs ón 19ú Aois atá ceaptha a insint faoi rudaí atá le teacht, déantar cur síos ar theacht Íosa ar an gcaoi seo:

"Lá n-aon, tháinig Shalivahana, taoiseach na Seácaí, go dtí sliabh sneachtúil (a nglactar leis a bhí i Himiléithe na hIndia). Ansin, i dTalammh na Hunach (=Ladakh, cuid d'impireacht Kusha), chonaic an rí cumhachtach fear dathúil ina shuí ar shliabh agus ba dhea-thuar dó é. Bhí a chneas mar chopar agus bhí éadaí bána air. D'fhiafraigh an rí den fhear naofa céarbh é féin. D'fhreagair seisean: 'Isaputra (mac Dé)a thugtar orm, rugadh d'óigh mé, is miinistéir ar na neamhchreidmhigh mé, agus bím go síoraí ar lorg na fírinne.' Óh a rí, tabhair cluais don reiligiún a chraobhscaoil mé ar na neamh-chreidmhigh ... Tríd an gceartas, fírinne, machnamh agus aontacht an spioraid, aimseoidh an duine a bhealach chuig Isa (Dia, sa Sanskrit)a bhfuil cónaí air i lár an tSolais, atá chomh buanseasmhach leis an ngrian, a dhíscaoileann gach uile ní dímuan go brách. Nochtaíodh íomhá shéanmhar Isa, tabhartóir an tsonais, sa chró; agus tugadh Isa-Masih (Íosa an Meisias) orm.'"[13]

Tuairimí Ahmadanna[athraigh | edit source]

De réir Ahmadanna, deir cainteanna breise Muhammad gur bhásaigh Íosa sa Chaismír agus é céad fiche bliain d'aoin d'aois. Chuir Ahmadis an tuairis seo ar aghaidh ar feadh os cionn 100 bliain, ag tosú le Mirzza Ghulam Ahmad. Maíonn foinsí Moslamacha agus Peirseacha go bhfuil siad in ann an t-aistear a rinne Íosa, ar ar tugadh Isa nó Yuz Asaf ("ceannaire an lucht leigheasta"), ar Bhóthar an tSíoda go dtí an tOirthear a rianú. Liostaítear ailt a thacaíonn leis an tuairim seo sna leabhair Christ in Kashmir le Aziz Kashmiri, agus Jesus Lived in India le Holger Kersten. Creideann siad go bhfuil Yuz Asaf curtha ag an scrín Roza Bal in Srinagar na hIndia.

Leabhar Urantia[athraigh | edit source]

Maíonn Leabhar Urantia gur léiriú é ar shaol Íosa. Tugann sé cuntas mionsonraithe ar a óige, na blianta a raibh sé ag teacht in inmhe agus ina fhear óg dó agus tá scéal cuimsitheach ann ar na himeachtaí a tharla amach níos déanaí agus ata taifeadta sna soiscéil. De réir Leabhar Urantia, ní dheachaigh Íosa chun na hIndia riamh; ina áit sin, deirtear ag tús a 28ú bliain (AD 22, de réir leabhar Urantia) gur thaistil sé le ceannaí saibhir as an India agus mac an cheannaí. Thug an ceannaí saibhir Indiach cuireadh d'Íosa, roinnt uaireanta, cuairt a thabhairt ar an India, ach diúltaigh Íosa, á rá go raibh air cúram a dhéanamh dá theaghlach sa Phalaistín.

Úrscéalta[athraigh | edit source]

Tá an téama "Íosa san India" ina fhoinse saothair ag úrscéálaithe freisin, ach gan aon iarracht déanta acu san fhicsean cloí go docht le cruinneas staire:

An leabhar Lamb: Is scéal ficsin é The Gospel According to Biff, Christ's Childhood Pal, le Christopher Moore, faoi ógántacht Íosa á insint ag dlúthchara Íosa. Sa leabhar sin, téann sé ag taisteal chun na hIndia, na Síne agus an Mheán-Oirthir chun cuairt a thabhairt ar thriúr saoithe agus tugann siadsan teagasc d'Íosa faoi ghné dhifriúil dá chuid teagaisc níos déanaí. San iarfhocal, áfach, deir Moore go sonrach nach raibh an Búdachas le fáil sa tSín go ceann ré saoil tar éis Íosa. Is anacronacht a bheadh ann Íosa a bheith á theagasc ag Búda sa Tibéid. Cuntas ficsin is ea Yeshua: A Personal Memoir of the Missing Years of Jesus, le Stan I.S. Law (Stanislaw Kapuscinski), ar aistear Íosa chun na hIndia agus é ag ullmhú dá mhisean sa Phalaistín níos faide anonn. Fíonn Kapuscinski a fhealsúnacht féin isteach sa scéal.

Teilifís[athraigh | edit source]

Ar an [[National Geographic Channel[[, tá clár faisnéise dar teideal Mysteries of the Bible a dhéanann trácht ar lámhscríbhinn Hemis agus cuntais mar é á rá gur "scéalta áiféise iad faoi Íosa a bheith ag taisteal chun na hIndia le dhul chun staidéir le mistigh an Oirthir." Ardaíonn an clár faiséise arís cuntas J. Archibald Douglas agus an lama a rá narbh ann don lámhscríbhinn, ach ní luaitear an fhianaise thacaíochta ó Swami Abhedananda agus Nicolas Roerich.[14]

Mar chruthúnas go raibh Íosa sa Ghailíl i rith na tréimhse sin, cuireann scoláíre amháin an sliocht as an mBíobla i láithair, "Nach é seo an siúnéir (mac an tsiúinéara)" [15] mar chruthúnas go raibh aithne mhaith air ag muintir na háite. Deir sé frisin go ndeachaigh Íosa "shiúl fánaíochta, chuaigh sé ar chamchuaird."[14] Deir scoláíre eile go ndéanfaidh "aon staraí ar fiú a choda é" a mhuinín a chur "san fhianaise is luaithe, soiscéalta Mhatha, Mharcais, Lúcáis agus Eoin." "Shamhlófá an teaghlach agus blianta fada á gcaitheamh acu i mbun tógáil tithe, déanamh troscáil ... sin é gnó an teaghlaigh." [14] Ina dhiaidh sin sa scannáin, "D'fhéadfadh sé nach siúinéir a bhí ach oiread ann, d'fhéadfadh sé go ndeachaigh sé le hiascaireacht [i Muir na Gailíle]. Má chuaigh, is é is dóichí gur chas sé ar bhaicle iascairí." "Is ciallmhar glacadh leis ... [gur bhásaigh Iosaeif] agus gurbh éigean d'Íosa ... na rudaí cuí a dhéanamh mar a dhéanfadh mac, is é sin ..." "Trí staidéar a dhéanamh ar scéalta a n-aontaítear ina dtaobh go bhfuil siad fíor, is féidir linn íomhá níos soiléire a fháil ar bheatha Chríost, cé gur bunaithe ar hipitéis atá sé sin." [14]

Scannán[athraigh | edit source]

Luadh Íosa sa scannán ficsin eolaíochta The Man from Earth. Sa scéal, deitear go bhfuarthas an inspioráid do scéal Íosa ó fhear Cro-Magnon a mhair ar feadh níos mó ná 14,000 bliain. Deirtear sa scéal freisin go mba Súméarach a bhí ann tráth ar feadh 2000 bliain, ansin ba Bhabalónach é faoi Hammurabi, ansin ba dheisceabal de Gautama Buddha san India a bhí ann. Cuirtear an scannán i láthair mar an Cro-Magnon ag insint a scéil féin mar rún atá á nochtadh dá chairde sa lá atá inniu ann.

Íosa sa Bhreatain[athraigh | edit source]

Rinneadh maíomh éagsúla go ndeachaidh Íosa chun na Breataine sna blianta sin nach bhfuil aon tuairisc orthu. Duine díobh siúd a rinne an maíomh ab ea Gordon Strachan in leabhar Jesus the Master Builder: Druid Mysteries and the Dawn of Christianity (1998), agus ar bunaíodh an clár faisnéíse dar teideal And Did Those Feet (2009) ar an leabhar sin.[16] Insíonn Glyn S. Lewis in Did Jesus Come to Britain? (2008) na scéalta seanchais atá ann gur thug Íosa cuairt ar an mBreatain lena sheanuncail Iosaeif as Aramatáia. Bhí Iosaeif ceaptha a bheith ina cheannaí stáin agus rinne sé cúram d'Íosa nuair a thit a mháthair Muire i mbaintreachas.

Íosa i Meiriceá[athraigh | edit source]

Scríobh an t-antraipeolaí agus údar L. Taylor Hansen an leabhar He Walked the Americas sa bhliain 1963.[17] Leabhar é seo a bhaineann adhmad as finscéalta, béaloideas agus miotaseolaíocht na mBundúchasach Meiriceánach agus déantar plé ar an "bhFáidh Geal" a chuaigh go codanna éagsúla de Mheiriceá. Creideann na Mormannaigh gurbh é Íosa Críost an "Fáidh Geal".[18][19]

Creideann scoláirí Mormannacha áirithe gurbh é Íosa Críost i ndáiríre a bhí sa Quetzalcoatl, a gcuirtear síos air mar Dhia den chine geal agus féasóg air a tháinig anuas ón spéir agus a gheall go bhfillfeadh sé arís, i gcodarsnach leis an tuiscint Meisimheiriceánach a deir go mba nathairdhia chleiteánach a bhí ann.[20] De réir Leabhar Mormann, thug Íosa cuairt ar bhundúchasaigh Mheiriceá tar éis an aiséirí.[21] Scríobh Uachtarán Eaglais Naoimh na Laethanta Deireanacha, John Taylor:

"Tá an scéal faoi shaol an dia Mheicsiceach, Quetzalcoatl, an chosúil le scéal an tSlánaitheora; tá sé chomh cosúil sin, go deimhin, nach féidir linn teacht ar aon tátal eile ach gurb é an neach céanna Quetzalcoatl agus Críost. Ach gur tháinig stair an Quetsalcoatl anuas chugainne trí fhoinse neamhíon lamainíteach. "[22] Chóirigh an t-údar ficsin eolaíochta agus Mormannach Orson Scott Card an smaoineamh seo dá scéal America.

Nótaí[athraigh | edit source]

1.^ Sna 1980idí, i seanmóir taifeadta ar fhíseán agus a craoladh ar chainéal rochtana poiblí Los Angeles Adelphia Cable, dúirt Elizabeth Clare Prophet go ndúirt sagart Caitliceach Rómhánach léi go pearsanta go raibh lámhscríbhinn Hemis ag teacht i gcomhthéacs leis an leagan neamh-chanónach de na soiscéalta atá i Leabharlann na Vatacáine. Níor chuir sí leis an ráiteas sin seachas a rá, "Cuireann sé uabhar orm go bhfuil ceartchreidmhigh ag coinneáil na fírinne faoi mo Thiarna uaim."

2.^ Mar shampla de na tuiscintí difriúla, féach go bhfuil roinnt fealsúnaithe agus scríbhneoirí ann, a bhfuil a saothar saoil ag plé leis an reiligiún comparáideach Thoir-Thiar (Ramakrishma, Vivekenanda, Sivananda ina measc), a bhfuil sé scríofa acu gur cruthúnas iad na cosúlachtaí atá idir cuid de na himeachtaí i mbeathaí an dá phearsa is tábhachtaí i reiligiún na Oirthir agus an Iarthair (Críost agus Krishna) den síth dhiaga a nascann creidimh mhóra an Oirthir agus an Iarthair.

Tagairtí[athraigh | edit source]

1.^ a b New York Times (May 27, 1926)

2.^ a b Swami Abhedananda (1987) Journey into Kashmir and Tibet (the English translation of Kashmiri 0 Tibbate), Ramakrishna Vivekananda Math, Calcutta

3.^ a b c d e f g h i Prophet, Elizabeth Clare. The Lost Years of Jesus: Documentary Evidence of Jesus' 17-Year Journey to the East. ISBN 0-916766-87-X.

4.^ Holger Kersten (1994) Jesus Lived in India: His Unknown Life Before and After the Crucifixion, Element Books ISBN 1-85230-550-9

5.^ Gruber, Elmar and Kersten, Holger. (1995). The Original Jesus. Shaftesbury: Element Books.

6.^ Chandramouli, N. S. (May 1, 1997). Did Buddhism influence early Christianity?. The Times of India.

7.^ Goodspeed, Edgar J. (1956). Famous Biblical Hoaxes or, Modern Apocrypha. Grand Rapids, Michigan: Baker Book House. http://www.tentmaker.org/books/FamousBiblicalHoaxes.html.

8.^ D.L. Snellgrove and T. Skorupski (1977) The Cultural Heritage of Ladakh, p. 127, Prajna Press ISBN 0-87773-700-2

9.^ Ehrman, Bart D. (February 2011). "8. Forgeries, Lies, Deceptions, and the Writings of the New Testament. Modern Forgeries, Lies, and Deceptions" (EPUB). Forged: Writing in the Name of God—Why the Bible’s Authors Are Not Who We Think They Are. (First Edition. EPub Edition. ed.). New York: HarperCollins e-books. pp. 282–283. ISBN 978-0-06-207863-6. http://www.scribd.com/doc/55685655/Forged. Retrieved September 8, 2011.

10.^ L. Jacolliot (1869) La Bible dans l'Inde, Librairie Internationale, Paris (digitized by Google Books)

11.^ a b Louis Jacolliot (1870) The Bible in India, Carleton, New York (digitized by Google Books)

12.^ Max Müller (1888), Journal of the Transactions of the Victoria Institute Volume 21, page 179

13.^ Saving the Savior

14.^ a b c d National Geographic Channel (25 May 1996) Mysteries of the Bible, "The Lost Years of Jesus"

15.^ The Gospel According to St. Mark (St. Matthew)

16.^ "Jesus in Britain". http://www.forteantimes.com/features/articles/3271/jesus_in_britain.html.

17.^ L. Taylor Hansen, He walked the Americas, Amherst Press, 1963

18.^ Michael W. Hickenbotham, Answering Challenging Mormon Questions, p. 204

19.^ http://mindlight.info/maitreya/bswalkam.htm

20.^ http://www.icwseminary.org/quetzalcoatl.htm

21.^ http://maxwellinstitute.byu.edu/publications/jbms/?vol=11&num=1&id=298

22.^ Taylor 1892:201, see original source

Liosta Léitheoireachta[athraigh | edit source]

  • Fida Hassnain. Search For The Historical Jesus. Down-to-Earth Books, 2006. ISBN 1-878115-17-0
  • Rolland McCleary. Signs for a Messiah: The First and Last Evidence for Jesus. Christchurch: Hazard Press, Christchurch, 2003. ISBN 978-1-877270-37-6
  • Prophet, Elizabeth Clare. The Lost Years of Jesus: Documentary Evidence of Jesus's 17-Year Journey to the East. Gardiner, Mont.: Summit University Press, 1987. ISBN 978-0-916766-87-0.

Naisc Sheachtracha[athraigh | edit source]

  • The Unknown Life of Jesus Christ Manuscript of Jesus's life in India found by Nicholas Notovitch
  • The True Jesus Jesus' “Lost Years” not listed in the Bible from 13 to 29