Blaslóga

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Orgáin bheaga chéadfacha ar an teanga is an carball a aithníonn 4 phríomhbhlas: milis, géar, goirt is searbh. Ní hionann an íogaireacht ar gach cuid den bhéal. Bíonn barr na teanga íogair do spreagthaí goirte is milse, a cúl íogair do spreagthaí searbha, agus na himill ar an dá thaobh íogair do spreagthaí géara is goirte.