Blaa
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
| Ní mór an t-alt seo a ghlanadh, ionas go mbeidh caighdeán níos fearr ann. Tar éis duit an t-alt a ghlanadh, is féidir leat an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le fáil amach faoin dóigh cheart le feabhas a chur ar alt ciclipéide. |
Is rolla aráin bog bán é an blaa. Itear is iomadúla i gContae Phort Láirge ach tá sé le fáil i gContae Chill Chainnigh agus i gContae Loch Garman freisin. Itear de gnáth le him agus uaireanta le hispín lóin. Is é an blaa bricfeasta blaa le slisín bagúin, ubh fhriochta agus ispíní. Deirtear gur thug na hÚgónaigh an blaa isteach sa 17ú haois. Deirtear go dtagann an focal ón bhFraincis (blanc nó bán, de thoradh ar an bplúr) freisin. Is fearr iad a ithe go tamall tar éis iad a cheannach mar bíonn siad is úire ag an am sin.
Oideas [athraigh]
Comhábhair [athraigh]
- 500g plúir báicéara
- 10g salainn
- 10g ime
- 20g giosta aráin
- 10g siúcra
- 275g uisce alabhog
Modh [athraigh]
- Criathraigh comhábhair thirime.
- Cuimil im agus meascán tirim le chéile.
- Tuaslaig giosta agus siúcra san uisce.
- Cuir lena gcomhábhair fhluiche agus measc. Fuin go dtí go bhfuil an taos leasteach agus mín.
- Ardaigh ar feadh 45 nóiméad. Fuin arís. Sos ar feadh 15 nóiméad.
- Scar i 8 bpíosa. Déan liathróidí as na píosaí.
- Clúdaigh agus sos ar feadh 5 nóiméad.
- Cuir na liathróidí i tráidire bácála. Leacaigh go beagáinín. Spréigh le plúr breise.
- Ardaigh ar feadh 50 nóiméad. Spréigh le beagáinín plúir.
- Cuir beagáinín galuisce ar bhun an oighinn.
- Bácáil ar feadh 15-20 nóiméad ag 210C.