Blàr Sliabh a' Chlamhain

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Cartùn co-aimsireil a' sealltainn an Seanalair Cope a' dol na dheann air muin eich gu geataichean Berwick, le naidheachd a ruaige fhèin

B'é Blàr Shliabh a' Chlamhain an choinbhleacht is suntasaí a tharla le linn |Dara Éirí Amach na Seacaibíteach. Troideadh an cath ar an 21 Meán Fómhair 1745. Bhain arm na Seacaibíteach, a bhí dílis do mhac Rí Séamuis II , sé sin an prionsa Séamus Proinsias Éadbhard Stiúbhart, an bua amach ar arm Sheoirse II na Breataine Móire, faoi cheannas An ginearál Iain Cope. Thugtaí 'Cath Gladsmuir' air ar dtús ach troideadh an cath ar Sliabh a' Chlamhain, Lodainn an Ear, ar teorainneacha an bhaile le Tranant Cùl Choinnich. D'éirigh le na Seacaibítigh cliathán trúpaí an Rialtais a scothadh. Bhí an mheanma go hard i gcampa na Seacaibíteach i ndiaidh an bhua seo agus d'úsáideadh é mar bholscaireacht pholaitíochta.

Réamhimeachtaí[athraigh | edit source]

I samhradh na bliana 1745, chuir an prionsa Séamus Proinsias Éadbhard Stiúbhart ar a dtugtar go coitianta 'An t-Éilitheoir óg', tús le feachtas le haghaidh ríochtaí na Breataine agus na hÉireann a ghabháil. Bhí athair críonna an phrionsa Séamas II tráth ina rí ar Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann. In aghaidh na gcorrlach, agus le chuidiú ó Mac Dhòmhnaill Dhuibh ( Béarla:Donald Cameron of Lochiel, XIX chief of Clan Cameron) cruinnigh an Prionsa buíon airm le chéile, deichniúr duine san iomlán ar dtús, a d'fhás in uimhreacha do dtí go raibh níos mó ná 2000 Albanach ann faoi dheireadh agus mháirseáil siad i dtreo Ghleann Fhionnainn agus ansin Dún Éideann.

An freagairt Hanovarach[athraigh | edit source]

Bhí ar an ginearál Cope, fórsaí an rialtais a ardú chun stop a chur leis an éirí amach. D'ardaigh sé earcaigh, ach bhí formhór díobh gan taithí ar bith, agus a bhí saincheisteanna eile ag cuir isteach ar, lena n-áirítear breoiteachta a phríomh-oifigeach marcshlua. In ainneoin seo, chreid a chuid oifigeach nach mbeadh na reibiliúnaithe sásta ionsaí a chur i bhfeidhm ar fhórsa uilig an airm, lena n-áirítear coisithe agus marcslua.

Ghabh arm an Phrionsa Dún Éideann le beagán nó gan aon troid ar an 16 Meán Fómhair; thaisteal Cope, ar long as Obar Dheathain, go dtí Dùn Barra, ach bhí sé ró-dhéanach chun dúshlán a thabhairt dóibh.

An Blàr[athraigh | edit source]

Ar an 20ú Meán Fómhair tháinig fórsaí Chope ar urgharda an Phrionsa. Chinn Cope seasamh ar an dtalamh a bhí bainte amach aige agus arm an Phrionsa a throid. Tharraing sé suas a chuid airm ó dheas le díog riascach chun a gcuid tosaigh, agus ballaí pháirc timpeall Teach Preston ag tabhairt cosaint dó ar a taobh dheis. Suigh sé a ghunnaí móra ar an taobh thiar den Tranent colliery waggonway, claífort íseal a thrasnaigh láthair an chatha. Thug an Leifteanant Anderson, Seacaibíteach agus mac feirmeoir áitiúil, le fios don Tiarna Seòras Moireach, go raibh bealach den scoth tríd an riasc. Ag tosú ag 4 i.n. bhog an Moireachfórsa iomlán na Seacaibíteachtaobh, iad i dtriúr fear taobh le taobh trí bhearna caol Riggonhead fada ar an taobh thoir de arm Chope. Choinneáil Cope tinte ar lasadh agus picéid ar gharda i rith na hoíche nuair a bhí na Gaeil ag bogadh ina dtreo. Ag breacadh an lae, ag a sé a chlog ar an 21ú Meán Fómhair, 1745, breathnaigh dragúin Chope 1,400 gaiscíoch na nGarbhchríoch ar an ionsaí tríd an cheo agus iad i mbun "wild Highland cries and with the bloodcurdling skirl of the pipes....".skirl bloodcurdling na píopaí ...."

Thiontaigh arm Chope droim ar aghaidh chun na Gaeil a fheiceáil agus bhí siad in ann roinnt gunnaí móra a scaoileadh nuair a bhí na Gaeil in aice láimhe.