Blàr Allt a' Bhonnaich

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Blàr Allt a' Bhonnaich
Blàr Allt a' Bhonnaich

Pictiúr de Bhlàr Allt a' Bhonnaich i mBíobla Holkham (1327-35)

Dáta: 23 Meitheamh24 Meitheamh 1314
Áit: Allt a' Bhonnaich (in aice le Sruighle in Albain)
Toradh: Bua na hAlbanaigh
Céilí comhraic
Flag of Scotland.svg Ríocht na hAlban Flag of England.svg Ríocht Shasana
Ceannasaithe
Roibeard Brús Éadbhard II
Slua
~6,500 ~20,000
Taismigh
Ní fios ~11,000*
* Bannockburn (Reese) ISBN 1-84195-465-9

Ba bhua suntasach é toradh an chatha Blàr Allt a' Bhonnaich (24 Meitheamh, 1314) i gCogaí na Saoirse le haghaidh an neamhspleáchais a bhaint amach do Ríocht na hAlban. Bua cinntitheach a bhí ann sa Chéad Chogadh le haghaidh Saoirse na hAlban.

An tosach[athraigh | edit source]

Timpeall an Charghais, sa bhliana 1314, chuir Éadbhard Brús, deartháir Rí na nAlbanach, tús leis an léigear ar Chaisteal Sruighlea, a bhí bí i gceannas Sir Philip Mowbray. Nuair nárbh fhéidir le Eideard dul chun cinn ar bith a chur i gcríoch, shocraighd sé comhaontú le Mowbray - mura thagann aon fhaoiseamh roimh Oíche Fhéile Eoin 1314, bheadh air an caisleán a ghéilleadh d'Éadbhard.


Ar an 23 agus an 24 Meitheamh 1314, troideadh Blàr Allt a' Bhonnaich idir fórsaí Éadbhard II Shasana agus Roibeard Brús, rí Alban in aice le cathair Sruighle. Bhí Caisleán Sruighle (Stirling sa Bhéarla) faoi léigear ag na hAlbanaigh agus tháinig rí Shasana aneas chun é a shaoradh.

Cé go raibh arm na nAlbanach níos lú ná fórsaí Shasana bhí an lá leo agus b'éigean do Edward teitheadh lena anam.

Áirítear an cath seo mar mhórócáid i stair na hAlban, mar cé gur lean an cogadh ar aghaidh ar feadh ceithre bliana déag eile, dhearbhaigh a bhua ag Allt a' Bhonnaich (Bannockburn sa Bhéarla) seasamh agus cumhacht Roibeard Brús mar rí na hAlban, Raibeart I na h-Alba. Ghlac na Sasanaigh le neamhspleáchas na hAlban i 1328.