Bithlonracht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bithlonracht

Solas a tháirgeann orgánaigh bheo áirithe trí imoibrithe ceimiceacha, agus próiseas astaithe an tsolais bhitheolaíoch seo. Faightear an feiniméan i mbaictéir, fungais, algaí agus ainmhithe áirithe, ina measc cuid mhaith orgánach mara cosúil le héisc na mara móire, scuideanna is crústaigh, chomh maith le cuid bheag orgánach domhanda cosúil le lampróga. Bíonn feidhmeanna éagsúla ag an mbithlonracht: comharthaíocht i gcúrsaí suiríochta, cosc a chur ar chreachadóirí, nó creach a aimsiú sa dorchadas.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Bithlonracht". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 77.