Bithmhilleadh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Bithdhíghrádú)
Bithmhilleadh

Tar éis báis d'aon orgánach beo, meathann sé, próiseas ar a dtugtar bithmhilleadh agus ina mbristear na móilíní móra casta a bhí sna fíocháin ina móilíní beaga simplí mar uisce, dé-ocsaíd charbóin, meatán is eile. Orgánaigh eile mar bhaictéir is fungais is mó a chuireann an meath sin i bhfeidhm.

Deirtear go bhfuil orgánaigh in-bhithmhillte, gur féidir iad a dhianscaoileadh trí bhíthin orgánach eile. Is mar an gcéanna eisfhearadh orgánach is ábhar atá déanta as orgánaigh, mar pháipéar déanta as adhmad, éadach déanta as cadás nó líon, is leathar déanta as seithí ainmhithe. Feidhmíonn na móilíní beaga a tháirgtear ón meath mar bhunábhar d'orgánaigh nua.

Tá ábhair shaorga áirithe atá in-bhithmhillte, ach go mall ag próisis neamhbheo, mar shampla creimeadh iarainn is cruach a tharlaíonn trí imoibriú idir iarann is ocsaigin an aeir.

Tá a lán ábhar plaisteach nach meathann ar aon chuma, agus is deacracht mhór comhshaoil iad a dhiúscairt. Is féidir iad a athchúrsáil, rud atá costasach ag an am seo. Tá taighde ar siúl ar phlaistigh a bheadh inbhithdhíghrádaithe.[1]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Bithdhíghrádú". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 75.