Billy Roche

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is dramadóir Éireannach é Billy Roche (rugadh é sa bhliain 1949 i Loch Garman).

Saol agus Saothar[athraigh | edit source]

Ba mar amhránaí leis an Roach Band is ea a thosaigh sé. Sna h'ochtóidí is ea a chur sé peann le pár agus bhí saol cruthaíoch torthúil aige mar scríbhneoir ó shin. Is iad muintir Loch Garman is mó a bhíonn faoi chaibidil aige agus é ag cumadh. An chuid is clúití dá shaothar ná The Wexford Trilogy (A Handful of Stars, Poor Beast in The Rain, Belfry), The Cavalcaders, Amphibians, On Such As We. I measc a shaothair freisin tá úrscéal, Tumbling Down agus cnuasach ghearrscéalta Tales from Rainwater Pond. Tá cuid mhaith taithí mar aisteoir aige freisin.