Bill Evans

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bill Evans sa bhliain 1978

Pianódóir snagcheoil Meiriceánach ab ea Bill Evans. Rugadh i bPlainfield, New Jersey é sa bhliain 1929. Thosaigh sé ag freastail ar cheachtanna sa phianó clasaiceach ar aois a 6 bliana agus bhain sé clú agus cáil amach mar phianódóir snagcheoil le linn a shaoil. Glactar leis mar dhuine de na pianódóirí agus ceoltóirí is mó a raibh tionchar acu i ndomhan an tsnagcheoil. Faoin uair ar bhásaigh sé ar an 15 Meán Fómhair, 1980, bhí breis agus 50 ceirnín eisithe aige.