Biáide

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Na Biáide

Na Biáide[athraigh | edit source]

Is méanar do lucht an dobróin,
óir sólásófar iad.
Is méanar dóibh seo atá ceansa,
óir gheobhaidh siad an talamh mar oidhreacht.
Is méanar dóibh seo a bhfuil ocras agus tart chun na fíréantachta orthu,
óir sásófar iad.
Is méanar do lucht na trócaire,
óir déanfar trócaire orthu.
Is méanar dóibh seo atá glan ó chroí,
óir feicfidh siad Dia.
Is méanar do lucht síochána a dhéanamh,
óir glaofar clann Dé orthu.
Is méanar dóibh seo a d'fhulaing géarleanúint mar gheall ar an bhfíréantacht,
óir is leo ríocht na bhflaitheas.
Is méanar daoibh féin nuair a thabharfar aithis daoibh agus a ghéarleanfar sibh,
agus nuair a chuirfear gach sórt drochrud in bhur leith go bréagach mar gheall ormsa.
Bíodh áthas oraibh agus gairdeas, mar is mór é bhur dtuarastal ar neamh;