Benvenuto Cellini

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Dealbh brád Benvenuto Cellini
Saliera (sailtéar) Cellini, ór ar bhonn éabainn agus cruan air in áiteanna (Páras, 1540-43)

Gabha óir, dealbhóir, greanadóir is údar a rugadh i bhFirenze na hIodáile ab ea Benvenuto Cellini (3 Samhain 150013 Feabhra 1571). Cáil air as a dhírbheathaisnéis Vita (Beatha, 1558-1562), sáiltéar óir a rinne sé do Phroinsias I na Fraince, agus a dhealbh cré-umha Peirséas.