Beitheal

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Beitheal inniu.

Cathair sa sean-Iosrael ab ea Beitheal, agus tá baile den ainm sin fós ar an mBruach Thiar. De réir na soiscéil agus traidisiúin na Críostaíochta, ba i stábla i mBeitheal a rugadh Íosa Críost, mar go raibh a mháthair, Muire agus Iósaf ann ag an am le daonáireamh. B'éigean do Iósaf filleadh ar Bheitheal, áit a shinsir, don daonáireamh Rómhánach a bhí ar bun.

Inniu, is mórionad oilithreachta é Beitheal, go háirithe i measc Críostaithe.