Beirt Fhear Oibre

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Beirt fhear oibre)
Grianghraf: Éamonn Ó Muirí

Péire deilbh le Oisín Kelly is iad Beirt Fhear Oibre (Béarla: Two Working Men) atá suite in aice le Halla an Chontae, i gCorcaigh. Maraon le saothair ealaíne poiblí eile in Éirinn, cuireadh ainm aitiúl orthu, agus is "Cha and Miah" a chuirtear orthu freisin.[1] Trí bhliain a chaith Kelly ag tógadh na ndealbh.

Stair[athraigh | edit source]

An dara dealbh le Kelly á dtaispeáint in áit poiblí ab ea Beirt Fhear Oibre. An chéad ceann ná Clann Lir, a nochtadh sa Ghairdín Cuimhneacháin i mBaile Átha Cliath i 1966.[2] Sa bhliain sin, fruilíodh Kelly chun dealbh nua a dhéanamh chun chur lasmuigh de Halla na Saoirse i mBaile Átha Cliath.

Roimh na deilbh a chur suas os comhair Halla na Saoirse, chinntigh SIPTU go mbeidh na deilbh ina nguaiseacha tráchta.[2] Arsa Desmond Rea O'Kelly, ailtire Halla na Saoirse i 2007:[3]

Rud éigin eile is cúis aiféala dom nár cuireadh suas dealbh Oisín Kelly den fhear óg agus an fear níos sine os comhair Halla na Saoirse.

In ionad sin, nochtadh an dealbh os comhair halla nua chontae Chorcái, an foirgneamh nua is airde in Éirinn, i 1969.[3] (D'fhan an halla chontae ina fhoirgneamh is airde in Éirinn go 2008.)[4]

Cuireadh an dealbh i leataobh le linn tamaill agus an halla chontae á athfhorbairt, ach cuireadh ar ais iad i 2006. [1]

Cuma agus Leagáid[athraigh | edit source]

Beirt fhear a léiríonn na deilbh, duine díobh ard agus tanaí, agus an duine eile níos ísle ague níos leathain. Tá caipin ar an bhfear níos ísle, agus tá a lámha siar. Tá lámha an fhir níos airde ar a chromáin. Tá an beirt acu ag féachaint suas sa spéir, b'fhéidir ar bharr an fhoirgnimh. Príomhtheachtaireacht na dealbh ná cuntas gairid ar shonraí beatha an "gnáthdhuine Éireannach" a thabairt, agus iad ag féachaint ar shaothair chríochnaithe in Éirinn.

Le linn na blianta, cuireadh "Cha" agus "Miah" ar na deilbh. Tagraíonn an ainm le ainmneacha dhá phearsa Chorcaí ar an gclár teilifíse "Hall's Pictorial Weekly" ar a chuaigh an-mheas sna seachtóidí.

Tagairtí[athraigh | edit source]

  1. 1.0 1.1 "Official opening today of refurbished Cork County Hall". 1,012. The Irish Emigrant (26/6/2006). Dáta rochtana: 16/10/2008.
  2. 2.0 2.1 Bridget Haggerty. "Landmarks commemorating The 1916 Rising". Irish Culture and Customs. Dáta rochtana: 16/10/2008.
  3. 3.0 3.1 "Should union be at liberty to pull down Hall?". The Irish Times (3 Márta, 2007). Dáta rochtana: 16/10/2008.
  4. "Praise for new 'landmark' tower in Cork". The Irish Times (18/09/2008). Dáta rochtana: 21/09/2008.