Beircéiliam

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Beircéiliam
Siombail Cheimiceach Bk
Uimhir Adamhach 97
Meáchan Adamhach (247) g·mol−1
Grúpa, Peiriad N/A, 7, f
Dlús (alpha) 14.78 g·cm−3
(beta) 13.25 g·cm−3
Sraith Cheimiceach Achtanóidigh
Bk-TableImage.png

Is é an beircéiliam dúil uimhir a 97. Bk an tsiombail a sheasann don dúil seo sna foirmlí ceimiceacha. Dúil shaorga radaighníomhach atá ann nach bhfuil ar fáil sa dúlra, agus is ceann de na hachtainídí é. Táirgeadh an chéad núicléas beircéiliam i saotharlann radaíochta Ollscoil California i mBerkeley sa bhliain 1949, agus fuair an dúil a hainm ón áit sin. Is é beircéiliam a 247, nó 247Bk, an t-iseatóp is fadsaolaí dá bhfuil aige, agus é 1380 bliain ar leathré.