Beinidict ó Nuirsia

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Naomh Caitiliceach is ea Beinidict ó Nuirsia a tugtar adhradh dó mar athar an mhanachais in Iarthar na hEorpa.

Rugadh Beinidict i Nuirsia, Norcia an lae inniu, in Umbria na hIodáile tuaraim is 480. Ba duine don uasaicme Rómhánach a athair. Ba chuid de chúpla é lena a dheirfiúr, Naomh Scholastica. Chuaigh sé i mbun stadair liteartha a bhí mar ghnáth oideachas dá haicme mar ullmhún do ghairm riarachána ag an am. Tuaraim is 500, chuir sé deireach lena stadair agus d'imigh sé mar dhíthreabhach. Ghlac sé culaith mhonachúil i Subiaco agus chaith sé trí bhliain mar dhíthreabhach.

Tar éis an tréimhse sin, fuair ab i manaistir sa cheantar bás agus bhí clú Bheinidict forleathantha gur tháinig mainigh chuige ag iarraidh air dul i gcomharbacht ar an ab sin. Ní raibh an cáil céanna ag an mainistir féin agus dhúiltigh Beinidict ar dtús. Nuair a ghlac sé an ról, rinne sé iarracht eagar agus ord a cur ar na mainigh agus rinneadar iarracht é a mharú le nimh. Níor éirigh leo - bhris an cupán a thug siad dó agus tháinig fiach chun an t-arán nimhe a thógáil uaidh. D'éirigh iomrá ar Bheinidict mar gheall ar miorúiltí ina thimpeall agus tháinig meas ar na daoine dó. Thóg sé dá mhainistir déag sa ghleann ina mhair sé, agus é ina ab ar tríú ceann déag le mainigh a bhí roghnaithe aige féin. An rud is tábhacht a fhág sé ná Riail Bheinidict Naofa a bhí tionchar faoi leith ar an saol rialta in Iarthar na hEorpa agus ar stair na hEorpa i gcoitinne.

Fuair sé bás i Monte Cassino na hIodáile ar 21 Márta, 547. D'ainmnigh an Pápa Pól VI é mar phatrún na hEorpa i 1964. I 1980, chuir an Pápa Eoin Pól II Naoimh Coiréal agus Meithiódíus ar chomhchéim leis.