Beart (ríomhaireacht)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí AonadBeart
Cineálunit of information (en) Aistrigh agus aonad díorthaithe UCUM Cuir in eagar ar Wikidata
Aonad deinformation (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Tiontuithe aonad
In aonaid caighdeánacha1 B
8 bit Cuir in eagar ar Wikidata


Is é an beart (byte i mBéarla) an buntomhas spáis i gcúrsaí ríomhaireachta (scaití baintear úsáid as an téarma ochtréad (octet i mBéarla)).

Tá ocht ngiotán sa bheart, agus is féidir 256 luach éagsúil a stóráil in aon bheart amháin (1B). D'fhéadfaí carachtar singil a stóráil i mbeart amháin faoin gcóras carachtar ASCII. Úsáidtear dhá bheart le carachtair a stóráil de réir chóras Unicode (atá tagtha i gcomharbacht, nach mór, ar ASCII). Is féidir 65,536 luach éagsúil a stóráil in dhá bheart. Ciallaíonn sé seo gur féidir carachtair aibítrí uile an domhain a stóráil trí chóras Unicode.

Tomhaiseanna Eile[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá na príomhthomhaiseanna spáis eile sa ríomhaireacht bunaithe ar an mbeart:

  • Cilibheart (kB). 1kB = 1024 B (m.sh., teachtaireacht ríomhphoist ≈ 1KB)
  • Meigeabheart (MB). 1 MB = 1024 kB = (m.sh. pictiúr a tógadh le ceamara neamhchasta digiteach ≈ 1MB)
  • Gigibheart (GB). 1 GB = 1024 MB (m.sh., cuid de scannán le fuaimrian ≈ 1GB)
  • Teireabheart (TB). 1 TB = 1024 GB (m.sh., bailiúchán mór ilmheáin ≈ 1TB)