Beannchar, Contae an Dúin
| Beannchar Bangor |
|
|---|---|
| Daonra (2001) | 76,353 |
| Dífhostaithe | 3.3% (aois 16-74) |
| Creideamh | Protastúnaigh 82.7%, Caitlicigh 10.6% |
| Comhairle Áitiúil | An Dún |
| Ceanntar Parlaiminte | Tuisceart An Dúin |
| Ball Parlaiminte | Sylvia Hermon (50.4%, UUP) |
| Contae | Contae an Dúin |
| Cúige | Ulaidh |
Tá Beannchar (Bangor as Béarla) suite ar theacht isteach Loch Lao agus tá bá mór foscúil in aice leis. Is baile mór í i gContae an Dúin i dTuaisceart Éireann. Tá 58,388 duine ina gcónaí i mBeannchar de réir daonáirimh 2001
Sna meánaoiseanna, bhí an méid sin clú ar Bheannchar in oirthuaisceart na hÉireann gur luadh é ar léarscáil an domhain. Ar an Mappa Mundi atá le feiceáil i dTeampall Hereford i Sasana, tá íomhá na hÉireann ar imeall an domhain, agus níl ach ceithre lonnaíocht ainmnithe; Beannchar (ar tugadh “Civitas bencur” air), Baile Átha Cliath, Ard Mhacha agus Cill Dara. Bhí meas mór ar Bheannchar ag an am mar gheall ar a mhainistir, a bhunaigh Naomh Comgall sa bhliain 558 AD.
Mhair sár-ré mhainistir Bheannchair go dtí an 9ú haois, nuair a thosaigh na Lochlannaigh á hionsaí.
