Bean sí

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bean sí

Sióg ar leith is ea an bhean sí. Tá dhá shaghas mná sí le n-áireamh i seanchas na hÉireann: an tsióg a thuarann bás agus an tsióg a fhuadaíonn daoine

Sanasaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is í ben sídhe na Sean-Ghaeilge bunús an fhrása seo.

An bhean sí agus tuar an bháis[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tugann an bhean sí le fios do mhuintireacha áirithe go bhfuil duine den mhuintir le bás a fháil. Den chuid is mó, is seanmhuintir uas-aicmeach, ar nós Ó Néill agus Mac Carrthaigh, a leanann an bhean sí. Taibhríonn an bhean sí mar bhean chaointe atá ag caoineadh cé nach bhfuil duine ar bith básaithe go fóill. Is minic a bhíonn ceann na mná dírithe síos agus folt álainn, a d'oirfeadh do spéirbhean óg, ag clúdach a ceannaithe; nuair a ardaítear ceann na mná sí, áfach, tá aghaidh seanduine chríonna uirthi.

An bhean sí agus fuadach daoine[cuir in eagar | athraigh foinse]

Déanann an dara saghas mná sí fuadach ar dhaoine, go háirithe ar mhná óga. Tugtar "cailleacha" ar na mná sí seo amanta, cé gur léir nach den chine daonna iad. Amanta, bíonn na mná sí seo cosúil le mná ar bith eile ó thaobh an reachta de, ach amanta eile, bíonn adharca fada ar a gcloigeann. Cónaíonn siad i lios nó "dún". Sciobann na mná sí seo daoine leo go dtí an lios a bhfuil na mná sí ina gcónaí ann agus má chaitheann an duine fuadaithe bia ar bith sa lios, ní bheidh an duine in ann an lios a fhágáil go deo. Tá ról an bhia sna scéalta seo cosúil leis an miotas clasaiceach Gréagach ina raibh ar Pheirsifiné fanacht i ríocht Háidéis toisc gur ith sí greim bia ann.

Tá tábhacht an tís soiléir go minic sna scéalta seo freisin. Más glanmhar slachtmhar an teach, agus bolta ar an doras, ní féidir leis na mná sí dul thar tairsigh, ach más salach, trína chéile atá an teach, gan bolta ar an doras, is féidir leis na mná sí bualadh isteach gan choinne.

Litríocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Évelyne Sorlin, Cris de vie, cris de mort : les fées du destin dans les pays celtiques., Heilsincí : Suomalainen Tiedeakatemia, 1991. ISBN 951-41-0650-4.
  • Lysaght, Patricia (1986). The Banshee: The Irish Death Messenger. Roberts Rinehart Publishers. ISBN 1-57098-138-8.
  • Briggs, Katharine (1976). An Encyclopedia of Fairies. Pantheon Books. ISBN 0-394-73467-X.
  • Evans-Wentz, W. Y. (1966, 1990). The Fairy-Faith in Celtic Countries. Citadel.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]