Beairtle Ó Conaire

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaBeairtle Ó Conaire
Beathaisnéis
BreithRos Muc Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmscríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata

Is scríbhneoir Éireannach é Beairtle Ó Conaire. Úsáideann sé an t-ainm cleite Colm Ó Nia uaireanta. As Ros Muc dó.

Is iomaí duais scríbhneoireachta atá buaite Ó Conaire. Tá úrscéal amháin, Fonn na Fola, foilsithe aige, mar aon le trí chnuasach gearrscéalta, An Fête agus Scéalta Eile, Marilyn Monroe i mBaile an Ghoirt agus Lár an Domhain. Ghnóthaigh sé Duais an Oireachtais faoi dhó as a úrscéal Fonn na Fola sa bhliain 2004 agus as an gcnuasach Lár an Domhain i 2006.

Leabharliosta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Lár an Domhain, cnuasach gearrscéalta, Leabhar Breac, 2008

Fonn na Fola, úrscéal, Cló Iar-Chonnachta, 2004

Marilyn Monroe i mBaile an Ghoirt, cnuasach gearrscéalta, 1999

An Fete agus Scéalta Eile, cnuasach gearrscealta, Cló Chois Fharraige, 1984