Batascafa

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Batascafa Trieste

Soitheach, fuinnmhithe le leictreachas de ghnáth, atá deartha chun taiscéaladh a dhéanamh faoin uisce, le roinn an tsnámháin is cochall breathnadóireachta faoina bun. Deartha ar dtús ag Piccard i 1948, in ann dul síos chomh domhain le 10,000 m. Ach tá na tumadóirí nua-aoiseacha, cosúil leis an Alvin a rinne taiscéaladh ar an Titanic báite, cuid mhaith níos so-ionramháilte ná na cinn bhunaidh.