Banda na saoránach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Córas cumarsáide raidió gearr-raonach déthreoch le húsáid ag baill den phobal, de ghnáth le trasghlacadóir (tarchuradóir cuingrithe le glacadóir) is aeróg. Thosaigh sé sna Stáit Aontaithe sna 1940idí, agus d'éirigh an-choitianta i measc tiománaithe leoraithe fad-achair. Bhí sé neamhdhleathach i gcuid mhaith tíortha eile, ach faoi seo tá teileafóin phóca curtha ina ionad.