Bairdne

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is éard atá sa bhairdne (nó filíocht na mbard) ná na scríbhinní a rinne aicme filí a fuair oiliúint i mbardscoileanna na hÉireann agus na hAlban, trí lár na 17ú haoise in Éirinn agus go luath san 18ú haois in Albain. Tá formhór na dtéacsanna atá ar marthain scríofa sa Mheán-Ghaeilge nó sa Nua-Ghaeilge Mhoch. Cé go raibh go leor lámhscríbhinní ann, is fíorbheagán díobh a foilsíodh. Meastar gur tréimhse í a bhí an-chobhsaí ó thaobh stíl litríochta mar gheall ar an teanga fhoirmiúil liteartha nár athraigh mórán.

Shíolraigh na baird (nó na filí) ó na draoithe de réir Iúl Caesar. Ba iad na filí an aicme is airde den Aos Dána.

Liosta Bard[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Anluan Mac Aodhagáin
  2. Athairne Mac Eoghain
  3. Aodh Ollabhar Ó Carrthoidh
  4. Seaán Ó Clumháin
  5. Brian Ó Corcrán
  6. Brian Ó Corcrán
  7. Tadhg mac Dáire
  8. Aonghus Fionn Ó Dálaigh
  9. Aonghus Mac Cearbhaill Bhuide Ó Dálaigh
  10. Cormac Mhac Taidhg Bhallaigh Ó Dálaigh
  11. Domhnall Mac Taidhg Ó Dálaigh
  12. Donnchadh Mór Ó Dálaigh
  13. Gofraidh Fionn Ó Dálaigh
  14. Lochlann Óg Ó Dálaigh,
  15. Fionn Ó Dálaigh
  16. Eochaidh Ó hEoghusa
  17. Giolla Brighde Ó hEoghusa
  18. Mathghamhain Ó Hifearnáin
  19. Aodh Mac Diarmuda Mac an Bhaird
  20. Eoghan Mac an Bhaird
  21. Fearghal mac Domhnuill Ruaidh mac an Bhaird
  22. Fearghal Óg Mac an Bhaird
  23. Gofraidh Mac Briain Mac an Bhaird
  24. Laoisioch Mac an Bhaird
  25. Giolla Brighde Mac Con Midhe
  26. Eoghan Mac Craith
  27. Maolmhuire Mac Craith
  28. Tadhg mac Dáire
  29. Seaán Buidhe Mac Bruaideadha
  30. Fear Feasa Ó'n Cháinte
  31. Fear Flatha Ó Gnímh
  32. Flaithrí Ó Maoil Chonaire
  33. Philip Bocht Ó hUiginn
  34. Tadhg Mór Ó hUiginn
  35. Maol Sheachluinn na n-Uirsgéal Ó hUiginn