Baile na Finne

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Baile na Finne
Léarscáil
RedDot.png
Ireland map County Donegal Magnified.png
Daonra (2006)
- Baile:
- Tuath:
 
<100 
<500
Airde: 169m
Contae: Contae Dhún na nGall
Cúige: Ulaidh

Is sráidbhaile é Baile na Finne (Béarla: Fintown) atá suite i nGaeltacht Dhún na nGall, ar bhruach Loch Finne. Tá Baile na Finne suite idir Leitir Ceanainn, Bealach Féich, An Clochán Liath agus na Gleanntaí. Tá sé 17 míle ó Leitir Ceanainn, 17 míle ó Bhealach Féich, aon mhíle dhéag ón gClochán Liath agus ocht míle ó na Gleanntaí.

An Sráidbhaile[athraigh | edit source]

Baile na Finne

Deirtear go bhfuair an baile agus an loch an t-ainm Finn ó Fhionngheal, bean álainn a báigheadh sa loch agus í ag iarraidh a deartháir Feargamhain, a bhí gortaithe, a shábháil.[1]

Tá níos lú ná céad duine i sráidbhaile Bhaile na Finne faoi láthair. Tá scoil náisiúnta, teach pobail, oifig an phoist, dhá shiopa, halla paróiste agus dhá theach tábhairne ann. Roimh 1970, bhí cúig scoil sa pharóiste (ag Ceann Garbh, Loch Muc, Sealagán, Béal an Átha Mhóir agus Droim an Aonaigh). Tháinig laghdú ar na huimhreacha mar gheall ar an imirce, áfach. Druideadh na scoileanna agus tógadh ceann lárnach i mBaile na Finne. Anois tá an daonra ag méadú arís.[2]

Bhí dhá choláiste samhraidh i mBaile na Finne sna seachtóidí ach druideadh iad. Tá ceann amháin, Coláiste na gCruach, oscailte arís anois. I mbliana bhí dhá chúrsa ar siúl agus bhí suas le 270 páiste ar fad ag fanacht sna tithe ó Bhaile na Finne go Gleann Fhinne. Duine de na scoláirí ab ea Máire Mhic Ghiolla Íosa, iar-Uachtarán na hÉireann.

Tá seaniarnród cáiliúil sa cheantar, a osclaíodh sa bhliain 1895. Ritheann seantraein, an Mhuc Dhubh, air.

Seán Bán Mac Meanman[athraigh | edit source]

Rugadh an scríbhneoir cáiliúil Seán Bán Mac Meanman i mBaile na Finne. D'fhreastal sé ar scoil an Chinn Ghairbh, cúpla céad slat óna theach cónaithe. Cuireadh Éigse Sheáin Bháin ar bun i 1988 in onóir do Mhac Meanman scríbhneoir agus tá sí ag dul ar aghaidh ó shin. Bíonn sí ar siúl an tríú deireadh seachtaine i mí na Samhna agus bíonn léachtaí, drámaí, comórtas filíochta do pháistí, ceol agus craic i gceist.

Radharc tíre[athraigh | edit source]

Seo ceantar álainn ina bhfuil lochanna agus aibhneacha, chomh maith le sléibhte mar Acla (1961 troigh), Scrig Mhór (1550 troigh) agus Scrig Bheag (1450 troigh). Is minic a thagann siúlóirí chun an cheantair.

Is é Loch Finne, atá trí mhíle ar fhad agus leathmhíle ar leithead, an loch is mó sa cheantar. Tá lochanna eile ann freisin: dhá Loch Muc, Loch na mBradán, Loch Eirig agus Loch Ghleann na mBuachaill. Tá bric sna lochanna seo uilig agus bíonn comórtais iascaireachta ar siúl i rith an tsamhraidh.

Tagairtí[athraigh | edit source]

Naisc sheachtracha[athraigh | edit source]